Ribe Róibéis's Avatar

Ribe Róibéis

@riberoibeis.bsky.social

Rapper Gaelaech/Seantimer https://youtube.com/@riberoibeis5808?si=15jl2HFcoqzEFaJm "Identity unknown ach Conamarach go smior" - Disquiet nights "Cé hé Ribe Róibéis?" - Chuile dhuine

100 Followers  |  88 Following  |  107 Posts  |  Joined: 24.11.2024
Posts Following

Posts by Ribe Róibéis (@riberoibeis.bsky.social)

Post image Post image

An Dearcán:

📌 Ar fáil in....

Charlie Byrne's, Gaillimh
Siopa Chló Iar-Chonnacht, Conamara
An Ceathrú Póilí, Béal Feirste
An Siopa Gaeilge, Dhún na nGall
(nó díreach uaimse)

Le seoladh ar an...

10ú Márta @ 7in Campas na Naomh Uile DCU
12ú Márta @ 5in Áras na Gaeilge Ollscoil na Gaillimhe

05.03.2026 14:18 — 👍 4    🔁 2    💬 1    📌 0

Fiaite a dheireadh muide sa mbaile

04.03.2026 09:44 — 👍 2    🔁 0    💬 1    📌 0

A chairde, cén comhlachtaí árachais a cheart a sheachaint de bharr iad a bheith ag tacú le hIosrael? Tá sé in am agam athnuachan a dhéanamh, agus teastaíonn uaim an comhlacht is fearr (má tá a leithéid ann) a fháil

01.03.2026 09:33 — 👍 1    🔁 0    💬 1    📌 0

"B'fhéidir go dtabharfá láimh dhom, ó chas Dia thart thú" / "you might give me a hand since god turned you around"

"Did you put green on the door"/"ar chuir tú glas ar an doras"

Ní théann mé fhéin soir thar Siopa an Phobaill níos mó ar fhaitíos go mbeadh orm Béarla a labhairt

26.02.2026 14:49 — 👍 5    🔁 0    💬 1    📌 0

Nuair a phiocfá suas an fón sa phone box ba gaire dhúinne, gheobhfá an teachtaireacht "Insert card or money" nó "Cárta nó monaí isteach"

17.02.2026 08:56 — 👍 2    🔁 2    💬 0    📌 0

Sea cinnte. Téann an t-uafás oibre isteach ina chuid físeáin agus tá siad chomh barúil freisin

14.02.2026 15:55 — 👍 2    🔁 0    💬 0    📌 0

Oh mhac tá

14.02.2026 13:48 — 👍 1    🔁 0    💬 1    📌 0
The Power of the Strength of the Heart - Chapter 1 - Bobby Fingers
YouTube video by Bobby Fingers The Power of the Strength of the Heart - Chapter 1 - Bobby Fingers

Scéal deas anseo don lá inniu. Go bhfágfaidh dia a shláinte ag Bobby Fingers. Chuir sé gáirí mé 😂

14.02.2026 09:56 — 👍 3    🔁 0    💬 2    📌 0

Bhfuil suim agaibh scannán seicsí a dhéanamh i nGaeilge? Ach bhfuil faitíos oraibh go n-aithneoidh madraí an bhaile sibh? Ná bíodh imní oraibh, mar tá mascannaí luachair le díol agamsa agus má úsáideann sibh an code "SEANTIMER" tabharfaidh mé lascaine dhaoibh

14.02.2026 09:51 — 👍 8    🔁 2    💬 0    📌 0

How are they planning on harvesting the seaweed? By hand or with machinery? and I wonder is there anyway to see their consultation with NPWS or environmental reports they submitted?

10.02.2026 08:39 — 👍 0    🔁 0    💬 0    📌 0
Post image

Mí dheas a bhí inti le bheith breathnú ar an ngealach is ar na réaltógaí gus ar an gcaor aduaidh freisin. Seo hiad mo chuid pictiúir don ghealach agus í ag dul dhi i 2026. Ní bhíonn sí bhfad ag athrú agus tá rud éicint álainn agus uaigneach faoi sin

21.01.2026 16:24 — 👍 7    🔁 0    💬 0    📌 0

Gach rud atá ag tarlú ar domhan anois is ag tarlú de bharr gur dhiúltaigh lucht ceannais gníomhú ina choinne atá sé

If vou tolerate this then your children wil be next go deimhin
Nuair a léirigh an domhan go bhféadfaí cinedhíothú a fhearadh gan phionós cuireadh deireadh le pé dlí ⁊ reacht a bhí ann

21.01.2026 13:49 — 👍 5    🔁 1    💬 0    📌 0
Post image 20.01.2026 19:50 — 👍 2    🔁 0    💬 0    📌 0
Folúntas do Phaineál Láithreoirí TG4 - Iarratas an Ribe
YouTube video by Ribe Róibéis Folúntas do Phaineál Láithreoirí TG4 - Iarratas an Ribe

Chuir mé isteach ar jab mar láithreoir aimsire @tg4.bsky.social ach faraor níor ghlaoigh siad arais orm le haghaidh agallamh fiú

Bhí orm físeán 60 soicind a dhéanamh ag insint cé fáth go mbeinn feiliúnach don phost. Meas tú cá ndeachaigh mé amú?

youtu.be/jqV_dUpuBa0

20.01.2026 19:48 — 👍 9    🔁 1    💬 1    📌 1

Tárlaíonn sé idir gluaisrothair freisin. Agus tá beagán dhó idir na vans freisin - salutáileadh muid scaití ach ní bheadh muid ag flasháil soilse ar an chéile

18.01.2026 15:58 — 👍 2    🔁 0    💬 0    📌 0
Ray Charles - Night & Day
YouTube video by Paranoia Ray Charles - Night & Day

The woman who sings the second half of Ray Charles' "Night and Day" www.youtube.com/watch?v=Tt0w...

16.01.2026 16:50 — 👍 1    🔁 0    💬 0    📌 0
Oíche le Laoighseach Ní Choistealbha, Tigh Mhaidhc Pháidín (H91YW9W), Mionloch ar a 7:30 Aoine an 16 Ean.

Oíche le Laoighseach Ní Choistealbha, Tigh Mhaidhc Pháidín (H91YW9W), Mionloch ar a 7:30 Aoine an 16 Ean.

Beidh an file iontach @laoighseach.bsky.social inár dteannta amárach i Mionloch, mar chuid den tsraigh "Oíche le..." ina mbíonn aoi speisialta ag roinnt a gcuid buanna is cuid dá scéal féin linn. Ag súil go mór leis. Fáilte roimh chách ar ndóigh.

15.01.2026 12:08 — 👍 11    🔁 3    💬 0    📌 0

Chonaic mise agus cúpla Swiftie beag é seo anuraidh - dar leis na Swifties beaga go raibh sé níos fearr ná an Taylor eile a chonaic siad, toisc go bhfuair siad an clár sínithe ag Róisín!

12.01.2026 14:36 — 👍 12    🔁 4    💬 1    📌 1
Hotline

Dr Clíona Saidléar: 'Anyone generating and sharing a non-consensual image is committing a crime. Anyone who has been affected by online deepfake abuse can report it to the Gardaí or hotline.ie and can reach out to receive support from their local rape crisis centre.'

06.01.2026 10:43 — 👍 74    🔁 24    💬 3    📌 0

Go raibh maith ad a chara!

05.01.2026 21:20 — 👍 0    🔁 0    💬 0    📌 0

Tá, léigh mé alt breá a scríobh sé

05.01.2026 20:58 — 👍 0    🔁 0    💬 0    📌 0

An Dreoilín cloiste anois am uaidh fhear breá gaelach thiar sa mbaile. Grúpa réaltógaí a deir sé ach ní raibh sé cinnte cé acub. Seans gur ainm eile ar Phleiades é

05.01.2026 20:54 — 👍 2    🔁 1    💬 1    📌 0

Íontach, go raibh maith ad

05.01.2026 14:11 — 👍 0    🔁 0    💬 0    📌 0

An-mhaith. Sea, seans maith go raibh réaltbhuíonta Gaelach ann lá gon tsaol, ach is deas ainmneacha nós An Bodach a thart go fóill

05.01.2026 14:10 — 👍 1    🔁 0    💬 1    📌 0

"Sin é an stuif aige"

An míniú céanna le "Sách maith aige"

05.01.2026 11:59 — 👍 1    🔁 0    💬 0    📌 0

An-deas, go raibh míle maith ad!

05.01.2026 11:08 — 👍 1    🔁 0    💬 1    📌 0

Go deas. Níor chuala mé an cheann sin cheana

04.01.2026 21:32 — 👍 1    🔁 0    💬 0    📌 0
Post image Post image

Thóg mé pictiúr don gheallach aréir agus chuir mé lipéidí ansin ar na craters agus farraigí a bhí le feiceáil am. Meas tú bhfuil ainmneachaí gaeilge ag aon duine ar aon cheann acú seo?

Nó bhfuil ainmneachaí Gaeilge ag aon duine ar aon cheann do na réaltógaí nó constellations fiú?

04.01.2026 21:30 — 👍 15    🔁 0    💬 2    📌 0

Thugadh muide thuas i gConamara Nollaig na mBan air chomh maith le Lá Nollaig Beag. Ach tá mé cheapfaidh gur Lá/Oíche Nollaig Beag is mó a thugtaí air

04.01.2026 20:47 — 👍 7    🔁 1    💬 1    📌 0

Citizens…good numbers to know 🇮🇪

#speirghorm

24.12.2025 23:32 — 👍 14    🔁 5    💬 0    📌 1