Falmaire Mór's Avatar

Falmaire Mór

@falmairemor.bsky.social

99 Followers  |  34 Following  |  21 Posts  |  Joined: 11.08.2023  |  1.4162

Latest posts by falmairemor.bsky.social on Bluesky

Post image

Mhínigh mé an Cháin Phinc do m'iníon inniu. buíochas do @smythstoysroi.bsky.social as an deis foghlama.

25.01.2025 10:47 — 👍 6    🔁 1    💬 0    📌 0
Post image

Fiú na stalcairí, teastaíonn caife uathu.

19.01.2025 22:11 — 👍 9    🔁 2    💬 1    📌 0
Post image

Chuir an comhartha seo i Páirc Loch Roisín sceitimíní ar na gasúir (mé féin san áireamh)

07.01.2025 23:05 — 👍 3    🔁 0    💬 0    📌 0
Post image

An fonóta is fearr liom:

21.11.2024 19:01 — 👍 0    🔁 0    💬 0    📌 0
Preview
Juggling world records - Wikipedia

Roinnt tuairimí agamsa - m.sh: Céim níos deacra ó chorruimhir go réuimhir ná a mhalairt (óir go bhfuil réuimhir lámha agat)

Na sonraí loma anseo:
en.wikipedia.org/wiki/Jugglin...

21.11.2024 10:53 — 👍 0    🔁 0    💬 0    📌 0
Albert Lucas -  13 Rings
YouTube video by David Cain Albert Lucas - 13 Rings

Teacht an tseagail ar an bhfíseán seo: World Record ó 2002, nach raibh an cleasaí féin sásta é a roinnt go poiblí go dtí inniu.
youtu.be/U9wbn2hQ-Z8?...

21.11.2024 09:50 — 👍 3    🔁 0    💬 1    📌 0
Post image

Déardaoin beag seo in Ollscoil na Gaillimhe, déanfaidh mise cur síos ar na mionlogainmneacha atá bailithe againn in Oirthear Chathair na Gaillimhe, mar chuid den imeacht suimiúil seo:

12.11.2024 12:20 — 👍 1    🔁 1    💬 0    📌 0
Post image Post image Post image Post image

Photos of Michael Fitzgerald's house in Headford, in 'Ireland Beautiful', Wallace Nutting, 1925

10.11.2024 11:12 — 👍 1    🔁 0    💬 0    📌 0

An dá bhuaicphointe domsa ná an cailín óg ag gabháil fhoinn (í chomh bródúil aisti féin, agus tuillte go maith aici), agus an t-imeartas focail breá: "Ispín ein Berliner" (@cathal.bsky.social a bhí bródúil as an gceann sin, agus cén fáth nach mbeadh!). Oíche álainn.

06.07.2024 22:05 — 👍 3    🔁 0    💬 1    📌 0
Post image

Lá i #gCathú!
Crúibíní á n-ithe againn i dTigh Mhaggie (mar dhea) - Tigh Fhionnagáin, trasna ó oifigí Curadh Bhaile an Chaisil.

Níleadar ró-ghoirt!

20.04.2024 15:10 — 👍 2    🔁 1    💬 1    📌 0
Post image

Lá i #gCathú: Ag éisteacht le sliocht cinniúnach - buaileann Máirtín Ó Méalóid lena dheartháir (an sagart) in Óstán an Bhóthar Iarainn - The Hardiman mar atá air anois.

"Foirgneamh cearnach ceithre stór a bhí san óstán, déanta d'aolchloch gearrtha. Cáca bainne a mheabhródh sé do dhuine"

20.04.2024 14:05 — 👍 2    🔁 1    💬 1    📌 0

Chruthaigh mé ceann. Níos éascaí, sílim - ach buntáiste ag Gaillmhigh leis an gceann seo. connectionsplus.io/game/xowySt

19.04.2024 07:49 — 👍 2    🔁 0    💬 1    📌 0
Post image

Sna cláracha breithe - cuireadh síos an leagan béarla i gcónaí. An ceann seo ón Fhál Carrach thar a bheith eisceachtúil. Gach duine eile sa chomharsanacht le hainmneacha mar 'Teague', agus 'Annabella', ach glacadh leis an t-ainm cruinn - 'Pádraic Seosamh' - don Inland Revenue Officer

19.04.2024 07:44 — 👍 2    🔁 1    💬 1    📌 0

Beidh orainn turcaí agus biotáille a bheith mar duais. An bhfuil aithne ag aon duine ar aon "honeste men"?

@cathal.bsky.social @fintan-galway.bsky.social

01.11.2023 10:34 — 👍 0    🔁 0    💬 1    📌 0

Tá eisceacht amháin ann
-"excepte it be for meate and drink [...] by honeste men for recreacion".

Mar sin, níl aon chosc orainn cluiche 25 a eagrú i dTigh Mhaidhc Pháidín.

01.11.2023 10:31 — 👍 2    🔁 0    💬 2    📌 0
Post image

Sa bhliain 1528, chuir bardas na Gaillimhe cosc ar chearrbhachas ar chartaí, díslí, agus táiplis mhór "nor no other unlawull gamys for monye, by yonge men and specialle by prentisys nor Irishemen"

Agus ní dhearnadh aon aisghairm ar riamh.

01.11.2023 10:23 — 👍 3    🔁 1    💬 1    📌 0

an bhfuil tagairt aimsithe agat i dtaobh "Poll a'Chorsair"?

Gach seans go bhfuil sé gar g' Oileán Bód Mór

23.10.2023 00:22 — 👍 0    🔁 0    💬 0    📌 0

An mhaith!

Tá Leads, pílears, agus feags ann, agus dar ndóigh: "an bhfuil tú ag enjoyáil do chuid holidays"...
Tuilleadh anseo (luaitear cíníos agus cúpla focal eile leis an gcruth céanna): pdfcoffee.com/the-grammati...

20.10.2023 23:14 — 👍 3    🔁 0    💬 0    📌 0
Alt gearr nuachtáin sa sean-chló, dar teideal "An Litriughadh"...
"Tá daoine ag imirt Páidín ar an litriughadh ar an saoghal seo. Ta siad ag diugáil is ag bearradh na bhfocal -- ag baint na gcluas is na n-iarrball is na bputóg asta -- 'sa gcaoi is nach n-aithneóchaidhe amach anseo an gaedhilge nó Easparantáis cuid mhaith aca!"

Alt gearr nuachtáin sa sean-chló, dar teideal "An Litriughadh"... "Tá daoine ag imirt Páidín ar an litriughadh ar an saoghal seo. Ta siad ag diugáil is ag bearradh na bhfocal -- ag baint na gcluas is na n-iarrball is na bputóg asta -- 'sa gcaoi is nach n-aithneóchaidhe amach anseo an gaedhilge nó Easparantáis cuid mhaith aca!"

Ag tochailt i gcartlann an Connacht Tribune. 11/9/1920 an chéad uair a fheicim Gaeilge ann. Cuma giolcach ar an alt seo ó pheann 'Sean-Ghaedhilgeoir'.

07.10.2023 10:13 — 👍 3    🔁 0    💬 0    📌 0

Ainm ar leagan den chluiche 'táiplis mhór', a d'imrítí i gConnachta tráth (an 18ú aois, b'fhéidir).
Ghlaoití 'na fámairí' freisin ar na turasóirí a thagadh go Bhóthar na Trá sa chéad leath den 20ú haois.

14.08.2023 18:25 — 👍 3    🔁 0    💬 1    📌 0
Preview
Sorcas le Croí, 2023 Bhí sé seo i bhfad níos fearr ná mar a bhí mé ag súil leis. Bhí puball breá acu, agus slua breá mór ann chomh maith. Shíl mé go raibh sé thar a bheith uaillmhianach an seó seo a chur ar...

Léirmheas ar Sorcas Le Croí - a bhí ar siúil sna hAille, Indreabhán, le coicís anuas.
https://sorcasblog.wordpress.com/2023/08/14/sorcas-le-croi-2023/

14.08.2023 13:23 — 👍 0    🔁 0    💬 0    📌 0

@falmairemor is following 19 prominent accounts