Eoin P. Ó Murchú's Avatar

Eoin P. Ó Murchú

@murchadhmor.bsky.social

Is mise Big Gaeilge na Gaeilge Bige

329 Followers  |  139 Following  |  344 Posts  |  Joined: 23.11.2024  |  2.1344

Latest posts by murchadhmor.bsky.social on Bluesky

ooooghbh.. a Fhraochfhaill.... tháim (Caitríona) wutheráilte agat, óir ní fhéadfainn riamh cleamhnas a dhéanamh le Ciarraíoch. slán agat... — deireadh an radhairc, cuirtíní anuas (racht buailte bos (agus caointe) ón lucht féachana)

16.02.2026 15:36 — 👍 14    🔁 2    💬 0    📌 0

Cén físeán?

16.02.2026 11:50 — 👍 1    🔁 0    💬 1    📌 0
Greamán móidíní peile

Ní ghéillfidh Ultras go deo

Greamán móidíní peile Ní ghéillfidh Ultras go deo

Gaiste na Gaeilge. Níor shíl mé ultras bheith géilliúil in aon chor.

@coistenabhfocalnua.bsky.social feicthe sna Clocha Liatha

16.02.2026 06:42 — 👍 4    🔁 2    💬 1    📌 0

#seanjócnua

16.02.2026 07:57 — 👍 0    🔁 0    💬 0    📌 0

Cad a thabharfá ar pháiste nach reathaí rás riamh?
Dara

15.02.2026 22:50 — 👍 7    🔁 2    💬 2    📌 1

Leibide nach dtugann iasacht airgid ar ais?
Fiach

15.02.2026 23:08 — 👍 1    🔁 1    💬 0    📌 0

Bíodh 'Haidhfear' in úsáid arís!

Píosa breá agus trácht ar haidhfreáil (high-for-áil) fosta. Is cuimhin liom an ceann seo ó Iorras Aithneach a fheiceáil ....

Haidhfear Lá Mhic Dara .... 😁

15.02.2026 10:34 — 👍 9    🔁 1    💬 1    📌 0
Preview
Paiste cainte ag Helen Ní Shé le Cathal Seoighe: An treise an dúchas ná an oiliúint? B’fhearr ceist a chur ar an eolaí…

Is breá liom bheith ag éisteacht le saineolaithe.

Dá réir, bhí an t-agallamh seo ó @tuairisc.bsky.social le @cathal.bsky.social thar a bheith taitneamhach.

open.spotify.com/episode/3hym...

15.02.2026 09:01 — 👍 12    🔁 4    💬 4    📌 0
An seanstíl le 🐞

An seanstíl le 🐞

Athchló an Ghúim, gan 🐞

Athchló an Ghúim, gan 🐞

Leabhair eile le Mairéad Ní Ghráda

Leabhair eile le Mairéad Ní Ghráda

🐞🐞@murchadhmor.bsky.social

14.02.2026 23:11 — 👍 5    🔁 2    💬 0    📌 0

An bhfuil gá le leagan nua rúnda den Ghaeilge nach mbeidh na botanna ábalta a léamh. Cosúil le Béarla na Saor mó Cant nó a leithéid?

14.02.2026 14:24 — 👍 2    🔁 1    💬 3    📌 0
Post image

Tugann mise agus mo chomh-eagarthóir @ellenfcorbett.bsky.social cuireadh daoibh chuig seoladh AN DEARCÁN: Iris na hÉigse.

Beidh an iris ar fáil ar chostas €4.00 / £3.50. Plúr na ndánta, agallamh le file aitheanta, agus 'obair gharbh' de mo chuid féin le léamh!

13.02.2026 16:54 — 👍 17    🔁 9    💬 2    📌 0

Beidh orm breathnú air sin. Ní dóigh liom go bhfuil sé agam. Grma!

14.02.2026 15:03 — 👍 1    🔁 0    💬 1    📌 0

An-sásta fáil amach go breathnóir dílis amháin agam ar a laghad!

14.02.2026 15:02 — 👍 4    🔁 0    💬 1    📌 0

Is aige atá na físeáin is fearr ar youtube. Ealaín chearnaithe, ar leibhéal eile ar fad.

14.02.2026 14:38 — 👍 0    🔁 0    💬 1    📌 0
Video thumbnail

Tá a fhios agam nach duine ar bith ar an Spéir Ghorm a bhí ann pé scéal é...

13.02.2026 09:58 — 👍 22    🔁 4    💬 2    📌 1

Bhfuil suim agaibh scannán seicsí a dhéanamh i nGaeilge? Ach bhfuil faitíos oraibh go n-aithneoidh madraí an bhaile sibh? Ná bíodh imní oraibh, mar tá mascannaí luachair le díol agamsa agus má úsáideann sibh an code "SEANTIMER" tabharfaidh mé lascaine dhaoibh

14.02.2026 09:51 — 👍 8    🔁 2    💬 0    📌 0

Haha bhí dearmad déanta agam ar an tseoid sin

14.02.2026 10:17 — 👍 1    🔁 0    💬 1    📌 0

An comharba nádúrtha ar 'Coláiste Threesome Gaeilge'

14.02.2026 00:52 — 👍 3    🔁 2    💬 1    📌 0

😱 bodchraoltóirí inar measc?

13.02.2026 22:40 — 👍 5    🔁 2    💬 0    📌 0
Post image

Tá áthas orm go raibh tú in ann tairbhe a bhaint as an ealaíontóir Aodh Mac Lochlainn faoi dheireadh. Mar atá a fhios agat, chuir a chuid ealaíne sa greannán “ Na Naoi bhFuath” faoi dhraíocht mé na blianta ó shin. @murchadhmor.bsky.social

13.02.2026 19:03 — 👍 7    🔁 1    💬 2    📌 0
Ceas an Chait
YouTube video by Eoin P. Ó Murchú🇵🇸 Ceas an Chait

“Seo ceann den bheagán leabhar a gcuireann na léaráidí nó na pictiúirí go mór leis.” - @murchadhmor.bsky.social n
www.youtube.com/watch?v=1axV...

13.02.2026 19:13 — 👍 4    🔁 2    💬 2    📌 0
Video thumbnail

Tá a fhios agam nach duine ar bith ar an Spéir Ghorm a bhí ann pé scéal é...

13.02.2026 09:58 — 👍 22    🔁 4    💬 2    📌 1

Bia Rí ruacan
Bia bodaigh bairnigh
Bia Caillí faochain
Is í dá bpiocadh lena snáthaid.

😈

13.02.2026 01:14 — 👍 2    🔁 1    💬 0    📌 0

Fadhb shuntasach sa Ghaeilge is ea an fhlúirse téarmaí/leaganacha ar an rud céanna. B'fhearr leagan intuigthe aontaithe. Tá leagan eile in úsáid cheana.

12.02.2026 17:07 — 👍 0    🔁 0    💬 2    📌 0

Ní dóigh liom go bhfuil sé sin in úsáid

12.02.2026 14:35 — 👍 0    🔁 0    💬 1    📌 0

Is fiú é a lua leo. Tá na samplaí sa chorpas ag teacht le do théis freisin.

12.02.2026 14:00 — 👍 0    🔁 0    💬 0    📌 0

Sílim gur samhail mhór teanga an t-aon leagan atá cloiste agam in úsáid. An leagan eile chuirfeadh sé duine ar strae bhraithfeá.

12.02.2026 12:46 — 👍 1    🔁 0    💬 1    📌 0
Post image

Tá siad seo uaim.

12.02.2026 10:04 — 👍 14    🔁 3    💬 1    📌 1
Seanfhocla Chonnacht

Seanfhocla Chonnacht

Bhí fear as Inis Meáin ag caint ar Iris Aniar le déanaí. Cóilis atá acu in áit gabáiste, Bagún & cóilis.
Éisteoir as Árainn an lá dár gcionn is an seanfhocal seo aige:

Fear gan eolas a thiúrfadh cóilis ar ghabáiste.

Is dóigh gur seanfhocal an-áitiúil é sin nach bhfuil sna leabharthaí arsa mise...

12.02.2026 09:07 — 👍 21    🔁 2    💬 2    📌 0

Cad é an rann gearáin cáiliúil fileata úd ina ndéantar gearán faoi thigh fuar folamh nach bhfuil greim/arán ann? (nach mbreathódh luchain? seans?)

10.02.2026 23:41 — 👍 1    🔁 3    💬 0    📌 0

@murchadhmor is following 20 prominent accounts