Taitníonn ailt Alex go mór liom, scríobhann sé ón gcroí i gcónaí.
Lá Idirnáisiúnta na mBan - mo Mhamó agus mo Dheaide ar a corróig, a máthair fhéin lena taobh agus cliabhán ar a droim.
Tá an t-éileamh ann.
Thug 49% de dhaoine le fios go roghnóidís an t-oideachas lán-Ghaeilge dá bpáistí dá mbeadh a leithéid ar fáil ina gceantar.
tuairisc.ie/tuilleadh-fi...
Caife le bainne coirce = caife le hiarbhlas leitean.
Gaeilge - teanga do chách.
Irish - a language for all.
#CillDaraLeGaeilge #CillDara #Gaeilge
Leacht Uí Chonchúir
Naomh Brighid
Gloine dhaite le Michael Healy (1873-1941)
📍Gailearaí Náisiúnta na hÉireann.
Trítheangach atá an té a labhraíonn trí theanga.
Dhátheangach atá an té a labhraíonn dhá theanga.
Béarlóir an té nach labhraíonn ach teanga amháin
~ Claude Gagnière
Cuairteoir
D'Angus Lambkin
Tháinís chugainn ón Domhan Toir cóta mairnéalaigh ort is mála ar do dhroim
tháinís san earrach ón Domhan Toir.
Bhí scéalta go leor agat ó chian is ó chóngar
iad lán le hiontas is tuiscint dhomhanda
thugais chugainn iad trasna an tóchair
( Ailbhe Ní Ghearbhuigh)
Tá borradh faoin Life ar maidin.
Ní seanfhocal é, ach céard faoi: ‘i gcuisle an cheoil a chothaítear croí an chairdis.’
“Dúirt Tomás Bán go bhfaca sé an Ghaeilge i gcló don chéad uair riamh nuair a chonaic sé An Gaodhal ar sheastán i Meicsiceo.”
‘Aillte’ ar sheinnteoir TG4
Féasta físiúil, a thabharfaidh lón machnaimh duit faoi áilleacht an tsaoil atá mórthimpeall orainn.
Tá dhá chaibidil sa tsraith seo: Sliabh Liag agus Aillte an Mhothair, curtha i láthair ag Cormac Mac Fhionnlaoich.
www.tg4.ie/ga/player/ca...
‘An Bhean Feasa’ leis an Titlíoch díreach tosnaithe agam.
Do bhaineas ana-shúp as an leabhar seo. Thar a bheith fileata agus greannmhar. Is iontach an rud é go bhfuil seanscéalta mar seo ar fáil sa Nua-Ghaelainn anois.
‘An Mianadóir’ le Jackie Mac Donncha.
Úrscéilín taitneamhach tuairisciúil don aos óg faoi fhear aosta a fhilleann ar a fhód dúchais théis dó blianta a chaitheamh in Montana agus an t-amhras a chothaítear faoi. Tuilleadh forbartha ag teastáil i gcás an phríomhcharachtair b’fhéidir ach soléite beoga.
Os rud é nach bhfuil m’uaireadóir cliste ró-chliste, táimse chun ‘dúradóir’ a thabhairt air as seo amach.
TEACH AR DÍOL
📍Dún Lóich, Co. Chiarraí.
✅Radharc ar Loch Léin* (*b’fheidir)
❌Bhuel, gach rud eile 👇
📖 as ‘Sadhbh’ le Darach Ó Scolaí
’Snáithíní Solais’, gearrscéal fíorálainn léite ag an údar Eoghan Mac Giolla Bhríde.
Léargas cumhachtach mothálach ar an néaltrú, ar an gcuimhne agus thar aon ní eile ar bhuaine an ghrá.
www.rte.ie/radio/rnag/s...
Tá Iúpatar ag lonrú go gléineach faoin ngealach lán anocht.
Balla cloiche.
Muiriúch Tuaithe, Co. an Chláir.
Ó chamhaoir go clapsholas
Titim na hoíche, Iorras Aithneach
Fuineadh gréine
Lá an Dreoilín
Abhainn na Life
Tá sé ar fáil ar an seinnteoir má chabhraíonn sé sin leat.
www.tg4.ie/search/seinn...
Fuaireas an féirín céanna, ag tnúth go mór len‘ é a léamh!
Tá fíorbhrón orm é seo a chlos. Do chuaigh na gearrscéalta óna chnuasaigh ‘Ding’ agus ‘Banana’ i gcion go mór orm mar léitheoir. Suaimhneas síoraí dó.
‘Don Oíche Naofa Úd’ á rá ag Sharon Lyons le tionlacan ar an dordveidhil agus an pianó. Leagan binn Gaeilge de ‘O Holy Night.’
m.youtube.com/watch?v=NZmt...