Reáchtáilfear an dara cruinniú bliantúil Gaeilge de CCG inniu. D'fhreastail an Méara Mike Cubbard, Baill Tofa, an Príomhfheidhmeannach, agus an Bhainistíocht Sinsearach ar chúrsa oiliúna Ghaeilge leis an Acadamh, i gCampas na hOllscoile ar an gCeathrú Rua an tseachtain seo caite.
Glóir a bheidh acu, nó garghlóir
Ba dheacair ceann Ailbhe a shárú ach tá fáilte roimh iontrálacha le táille 10 euro
Do tháinig tocht teann orm fán tseantír is mé ag amharc air seo. Fileata faisnéiseach thar na bearta.
Saoi ar an Stól?
⭐ Is sa gcarr a éistim leis na podchraoltaí seo; beidh orm dul ar spin.
Seachtain na Gaeilge: 2 sheachtain
Seachaint na Gaeilge: 50 seachtain
An-mhaith a Fintan!
Maith sibh, a Thuairisc, maith maith maith sibh.
Tá an ceart agat. Ach cóip den dá leabhar sin a bheith ag chuile theaghlach sa tír, ní bheadh rudaí mar atá (nó b'fhéidir go mbeadh).
Bainfimid cúpla lá eile aisti fós!
Agus féile ceoil thraidisiúnta de réir an chaighdeáin, ar nós oíche gaoithe móire?
Féile ceoil thraidisiúnta?
Tá mise an-chrosta leis an bhFoclóir toisc nár lean sé an Caighdeán agus tá mé an-chrosta leis an gCaighdeán toisc nár tháinig sé roimh chur chuige an Fhoclóra. Go ginearálta, tá mé an-chrosta.
An-mhaith ar fad a @victorbaghda.bsky.social agus a @muintirshe.bsky.social - léiriú paiteanta is ea Victor, agus dornán daoine eile anseo, gur féidir agus gur féidir agus gur féidir an Ghaeilge a fhoghlaim agus a labhairt.
Beidh tú sásta, a @mageachain.bsky.social, leis an ngiota comhrá a chuala mé ar an mbus trathnóna idir beirt seanleaids (agus é ag stealladh):
- Tá sé gránna
- Jeez, tá sé lofa, ní chuirfeá Tom Cruise amach ansin
- M'anam nach gcuirfeá ná francach
(a)
Cloisim an focal ag teacht chun fóir. "Tá sé sin bananas," a deir daoine óga le chéile, agus "tá sé chomh bananas le bananas" a deir a gcairde ar ais leo le macalla sainiúil sin an Ghaeil.
An-áisiúil don aoi go mbainfí trí nó ceithre úsaid as aon fascinator amháin
🚂 🎖️ an-mhaith!
B'fhéidir go mbeidh an Ghaeilge i réim sna hiostaí fós más ea
Is dócha go bhféadfaí 'a bhfuil rothaí faoi' a rá ach ní drochjab a rinneadh le 'a bhfuil gealladh faoi', bail ó Dhia orthu.
Dúirt mé paidir ar do shon
Go raibh maith agat! Ní fios cén chaolchúis a d'éalaigh tharam i rith mo shaoil agus mé dall ar an úsáid sin.
Agus an é do thuiscint ar "beidh mé i mo shaoithín do deo" nach bhfuil tú i do shaoithín anois ach go mbeidh i gceann tamaill? Nó an leis an leagan diúltach amháin ("Ní ghéillfidh") a bhaineann an sórt tuisceana sin?
Seans go bhfeilfeadh an cur chuige seo (agallamh) do roinnt de chainteanna na hoíche ólaíochta, a @fintan-galway.bsky.social (cinn nár theastaigh a lán léaraidí etc ina leith) ós rud é gur dream cuideachtúil iad na Gaeil
An-spéisiúil - ní raibh an tuiscint sin ar 'go deo' agam in aon chor. Fíor faoi 'go brách' freisin, nó díreach 'go deo'?
Feicim 'mórshamhlacha giniúnacha intleachta saorga' sa Rialachán maidir le AI - cás eile ina mbeadh 'mór' as féin ciotach
Deis le tapú!
Iontach spéisiúil! Tá ríméad orm faoi shláinte na heilifinte ⁊ tá mé fiosrach: an ardaíonn an seans go dtarlóidh athrú chun feabhais ar an DNA le haois an athar, nó díreach athrú chun donais?
Mórshamhail teanga?