Vicipéid | An Chiclipéid Shaor's Avatar

Vicipéid | An Chiclipéid Shaor

@vicipeid.bsky.social

🌐 Wikipedia ✨trí Ghaeilge✨ ó 2003 💚 Ní neart go cur in eagar! 🔎 https://ga.wikipedia.org/ 📸 Comórtas Grianghrafadóireachta Reatha: https://commons.wikimedia.org/wiki/Commons:Wiki_Science_2025_in_Ireland Spriocdháta: 30 Samhain

638 Followers  |  317 Following  |  100 Posts  |  Joined: 25.09.2023  |  1.7526

Latest posts by vicipeid.bsky.social on Bluesky


Graphic design announcing Seachtain na Gaeilge events with Wikimedia Community Ireland. Graphic includes logos from Císte Spreagtha, Conradh na Gaeilge agus An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta.

Text reads as follow:
07/03 from 11:00 to 15:00- Bí an tEolas! Wikipedia workshop in Corcaigh (Cork)

12/03 from 20:00 to 22:00- Tráth na gCeist- Bilingual Quiz in BÁC (Dublin)

Graphic design announcing Seachtain na Gaeilge events with Wikimedia Community Ireland. Graphic includes logos from Císte Spreagtha, Conradh na Gaeilge agus An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta. Text reads as follow: 07/03 from 11:00 to 15:00- Bí an tEolas! Wikipedia workshop in Corcaigh (Cork) 12/03 from 20:00 to 22:00- Tráth na gCeist- Bilingual Quiz in BÁC (Dublin)

Dátaí don dialann 📆 Coinnígí súil! 👀

Míle buíochas as An Císte Spreagtha @snagaeilge agus Conradh na Gaeilge @cnagaeilge as maoiniú a chur ar fáil don sraith imeachtaí seo! 💚

#SpéirGhorm #SeachtainnaGaeilge2026 #cistespreagtha #vicipéid

12.02.2026 14:54 — 👍 2    🔁 0    💬 0    📌 1
Post image

Meabhrúchán: dáta deiridh d'iarratais, 23ú Nollaig: www.ucd.ie/workatucd/jobs/
Reminder, closing that mid-day, Tuesday, 23 December.

19.12.2025 13:31 — 👍 2    🔁 2    💬 0    📌 0
Preview
20,000 focal Gaeilge sa chéad chuid d'fhoclóir nua aonteangach a sheolfar inniu Athru ó bhonn é seo do phobal úsáidte na Gaeilge – ní gá focail as Gaeilge a shainmhíniú trí theanga eile níos mó.

In ionad a bheith ag fiafraí ‘Cad é an Béarla atá ar X?’, beidh ar chumas na nGaeilgeoirí a fhiafraí feasta ‘Cad a chiallaíonn X? #Gaeilge jrnl.ie/6897617t

09.12.2025 14:04 — 👍 20    🔁 6    💬 0    📌 2
Post image

#ScéalLeScaipeadh 🎶
#AmhránNuaCumtha
#FéilePanCheilteach

08.12.2025 15:06 — 👍 3    🔁 1    💬 0    📌 0

Meabhrúchán!
Tá ár gcomórtas grianghrafadóireachta seo ar oscailt go 30 Samhain. Tá fáilte roimh gach ábhar eolaíochta - ón réalteolaíocht go micreascóip, ó dhúlra na hÉireann go micribhitheolaíocht. Tuilleadh eolais: commons.wikimedia.org/wiki/Commons...

21.11.2025 11:38 — 👍 1    🔁 0    💬 0    📌 0
Preview
Seachtain Iontach ag Oireachtas na Samhna 2025 i mBéal Feirste - Wikimedia Community Ireland Bhí seachtain ar dóigh againn ag Oireachtas na Samhna 2025 i mBéal Feirste! Thosaigh turas Amy (ár nOifigeach Gaeilge reatha) Dé Máirt, 28 Deireadh Fómhair, nuair a d'fhág sí Port Láirge ar maidin go ...

Bhí seachtain den scoth againn ag #OnaS2025 i mBéal Feirste! Thosaigh turas Amy (ár nOG reatha) ar 28 Deireadh Fómhair, nuair a d’fhág sí Port Láirge.

Léigh tuilleadh fáoin a seachtain i Béal Feirste thíos.
wikimedia.ie/2025/11/18/o...

18.11.2025 15:52 — 👍 1    🔁 0    💬 0    📌 0
Preview
Ann (Goody) Glover - Vicipéid

Inné, an 16 Mí na Samhna, ba Lá (Anne) Goody Glover - bean Éireannach a bhí ar dhuine den dream a ciontaíodh in asarlaíocht i Massachusetts i 1688. Labhair sí i nGaeilge amháin i rith na trialach.

Leigh tuilleadh eolais ar #AnVicipéid

ga.wikipedia.org/wiki/Ann_(Go...

#SpéirGhorm

17.11.2025 11:21 — 👍 2    🔁 1    💬 0    📌 1
spéirghorm - Wiktionary, the free dictionary

When the noun (gorm) forms the second part of the compound word is should be lenited. So spéirghorm. It's as easy to get it right as it is to get it wrong so please, a polite request, use the correct form. 🙏
en.wiktionary.org/wiki/sp%C3%A...

07.11.2025 10:10 — 👍 4    🔁 2    💬 3    📌 0
Preview
Job Opportunity: Oifigeach Gaeilge (Irish Language Officer) - Wikimedia Community Ireland Is é Pobal Wikimedia Éireann, an eagraíocht náisiúnta chleamhnaithe de chuid Fhondúireacht Wikimedia in Éirinn, ag lorg Oifigeach Gaeilge. Is post lánaimseartha é seo agus deis iontach don iarrthóir c...

Agus ná déanaígí dearmad go bhfuil muid ag earcú faoi láthair - faigh na sonraí go léir faoin bpost anseo:

wikimedia.ie/2025/10/17/o...

01.11.2025 11:15 — 👍 0    🔁 0    💬 0    📌 0

Lá deireanach #OnaS25 - mura raibh tú linn fós, téigh ar cuairt chuig ár seastán inniu!

01.11.2025 10:40 — 👍 0    🔁 0    💬 1    📌 0
Éamonn (Vicipéideoir), Amy (an tOifigeach Gaeilge reatha le PÉW) agus An Dr Caoimhín Scannell ag Aonach an Oireachtais 2025

Éamonn (Vicipéideoir), Amy (an tOifigeach Gaeilge reatha le PÉW) agus An Dr Caoimhín Scannell ag Aonach an Oireachtais 2025

Éamonn (Vicipéideoir), Amy (an tOifigeach Gaeilge reatha le @wikimediaireland.bsky.social ) agus An Dr @kscanne.bsky.social ag ár seastán ag Aonach @oirnagaeilge.bsky.social

#OnaS25

31.10.2025 15:15 — 👍 7    🔁 3    💬 0    📌 0
Oifigeach Gaeilge le Pobal Éireann Wikimedia (Wikimedia Community Ireland) [ón mbaile] - PEIG.ie Féach ar na sonraí faoin bhfolúntas seo ar PEIG.ie

Tá Pobal Wikimedia Éireann (an eagraíocht náisiúnta de chuid Fhondúireacht Wikimedia in Éirinn) ag lorg Oifigeach Gaeilge. #SiógNabPost #Gaeilge

peig.ie/fol%C3%BAnta...

21.10.2025 09:55 — 👍 0    🔁 2    💬 0    📌 0

Ceannaigh Anseo!:
www.antoireachtas.ie/oireachtas-n...

#Oireachtas2025 #OnaS25

@forasnagaeilge.bsky.social @deptrcdg.bsky.social @irishnews.com @belfasttelegraph.co.uk @belfastlive.co.uk @raidiofailte.bsky.social

15.10.2025 16:24 — 👍 1    🔁 1    💬 0    📌 0
Preview
Job Opportunity: Oifigeach Gaeilge (Irish Language Officer) - Wikimedia Community Ireland Is é Pobal Wikimedia Éireann, an eagraíocht náisiúnta chleamhnaithe de chuid Fhondúireacht Wikimedia in Éirinn, ag lorg Oifigeach Gaeilge. Is post lánaimseartha é seo agus deis iontach don iarrthóir c...

Tá @wikimediaireland.bsky.social ag earcú. Táimid ag lorg Oifigeach Gaeilge (lánaimseartha) - is deis uathúil í seo chun tacú leis an nGaeilge sa spás digiteach agus le forbairt na Vicipéide! #SíógNabPost #AnGhaeilge

Tuilleadh eolais anseo:
wikimedia.ie/2025/10/17/o...

17.10.2025 12:47 — 👍 2    🔁 10    💬 0    📌 1
Preview
Téigh ar cuairt chugainn ag Oireachtas na Samhna 2025! - Wikimedia Community Ireland Táimid an-sásta a fhógairt go mbeidh Amy (ár nOifigeach Gaeilge) agus Éamonn (Vicipéideoir ón bpobal) i láthair ag Oireachtas na Samhna 2025 i mBéal Feirste ag deireadh na míosa seo! Is féile chultúrt...

An bhfuil sibh ag dul chuig @oirnagaeilge.bsky.social
i mbliana? Béidh Pobal Éireann Wikimedia @wikimediaireland.bsky.social ann, in Aonach an Oireachtais #OnaS2025 #AntOireachtas

16.10.2025 15:34 — 👍 2    🔁 2    💬 0    📌 0
Samplaí de thaighde PhD

Logainm: Taighde a dhéanamh ar thacar mionlogainmneacha i gceantar ar leith, agus foirmeacha stairiúla na logainmneacha sin a rianú siar trí cháipéisí stairiúla agus ceartfhoirmeacha Gaeilge a mholadh más cuí; déanfar na torthaí a fhoilsiú ar Meitheal Logainm. Féach tráchtas Aindí Mac Giolla Chomhghaill (2024) agus tráchtas Justin Ó Gliasáin (2022).
Logainm: Staidéar comparáideach a dhéanamh ar chatagóir logainm ar leith e.g. ainmneacha aibhneacha, ainmneacha sléibhte. Corpas cuimsitheach de na logainmneacha sin a chur le chéile agus anailís a dhéanamh ar chursaí dáileacháin, pátrúin teangeolaíochta, stór focal etc. Leas a bhaint as bogearraí úrscothacha mapála agus físiú sonraí chun na torthaí taighde a chur i láthair.
Corpas: Sainchorpas nua a fhorbairt, as ábhar Comhar mar shampla, agus taighde a bhunú air. Féach tráchtas Katie Ní Loingsigh (2016).
Corpas: Taighde nua teangeolaíochta a bhunú ar Chorpas Náisiúnta na Gaeilge, e.g. iniúchadh a dhéanamh ar ghnéithe den Ghaeilge atá ag athrú, anailís dioscúrsa bunaithe ar théama nó topaic ar leith, na comharthaí sóirt a bhaineann le réimse teanga áirithe a scrúdú (e.g. Gaeilge na reachtaíochta).
Canúint: Díriú ar réigiún nó ar chainteoir ar leith tríd an dtionscadal Canúint, rud a mhéadóidh an stór focal agus taifeadtaí atá ar fáil tríd an suíomh agus a ligfidh don mac léinn saineolas a fháil ar mhionchanúint ar leith. Mar shampla, d’fhéadfaí cláracha ‘Joe Daly sa Chúinne’ ó RTÉ Raidió na Gaeltachta a thras-scríobh agus a chur ar fáil trí Chanúint. Díríonn na cláracha seo ar bhéaloideas agus ar chanúint Chorca Dhuibhne. Bheadh obair canúneolaíochta, téarmeolaíochta agus códú ríomhaireachta i gceist.
Dúchas: Taighde ar bhailitheoir nó ar ghné áirithe den bhéaloideas (féach tráchtas Michelle Dunne (2023)).
Ainm: Tionscadal ina ndíreofaí ar Ghaeilgeoirí Mheiriceá Thuaidh (SAM, Ceanada).
Ainm: Tionscadal ina ndéanfaí iniúchadh ar bhearnaí sa bhunachar (e.g. gannionadaíocht ar mhionlaigh ar leith).…

Samplaí de thaighde PhD Logainm: Taighde a dhéanamh ar thacar mionlogainmneacha i gceantar ar leith, agus foirmeacha stairiúla na logainmneacha sin a rianú siar trí cháipéisí stairiúla agus ceartfhoirmeacha Gaeilge a mholadh más cuí; déanfar na torthaí a fhoilsiú ar Meitheal Logainm. Féach tráchtas Aindí Mac Giolla Chomhghaill (2024) agus tráchtas Justin Ó Gliasáin (2022). Logainm: Staidéar comparáideach a dhéanamh ar chatagóir logainm ar leith e.g. ainmneacha aibhneacha, ainmneacha sléibhte. Corpas cuimsitheach de na logainmneacha sin a chur le chéile agus anailís a dhéanamh ar chursaí dáileacháin, pátrúin teangeolaíochta, stór focal etc. Leas a bhaint as bogearraí úrscothacha mapála agus físiú sonraí chun na torthaí taighde a chur i láthair. Corpas: Sainchorpas nua a fhorbairt, as ábhar Comhar mar shampla, agus taighde a bhunú air. Féach tráchtas Katie Ní Loingsigh (2016). Corpas: Taighde nua teangeolaíochta a bhunú ar Chorpas Náisiúnta na Gaeilge, e.g. iniúchadh a dhéanamh ar ghnéithe den Ghaeilge atá ag athrú, anailís dioscúrsa bunaithe ar théama nó topaic ar leith, na comharthaí sóirt a bhaineann le réimse teanga áirithe a scrúdú (e.g. Gaeilge na reachtaíochta). Canúint: Díriú ar réigiún nó ar chainteoir ar leith tríd an dtionscadal Canúint, rud a mhéadóidh an stór focal agus taifeadtaí atá ar fáil tríd an suíomh agus a ligfidh don mac léinn saineolas a fháil ar mhionchanúint ar leith. Mar shampla, d’fhéadfaí cláracha ‘Joe Daly sa Chúinne’ ó RTÉ Raidió na Gaeltachta a thras-scríobh agus a chur ar fáil trí Chanúint. Díríonn na cláracha seo ar bhéaloideas agus ar chanúint Chorca Dhuibhne. Bheadh obair canúneolaíochta, téarmeolaíochta agus códú ríomhaireachta i gceist. Dúchas: Taighde ar bhailitheoir nó ar ghné áirithe den bhéaloideas (féach tráchtas Michelle Dunne (2023)). Ainm: Tionscadal ina ndíreofaí ar Ghaeilgeoirí Mheiriceá Thuaidh (SAM, Ceanada). Ainm: Tionscadal ina ndéanfaí iniúchadh ar bhearnaí sa bhunachar (e.g. gannionadaíocht ar mhionlaigh ar leith).…

🎓Déan PhD le Gaois🎓

🎓Taighde ar ghné den obair againn - logainmíocht, an aimneolaíocht, taighde téarmeolaíochta, corpais, canúintí, béaloideas, teicneolaíochtaí teanga
🎓Stipinn €25k
🎓Beidh tú páirteach i bhforbairt na dtionscadal
🎓Iarratas faoin 30 Samhain
🎓Eolas: www.gaois.ie/ga/blog/dha-...

13.10.2025 15:24 — 👍 15    🔁 6    💬 1    📌 0
Cú glas - Wicipedia

Suimiúil - GRMA as é a roinnt. Nasc chuig an leathanach ar Wicipedia i mBreatnais: cy.wikipedia.org/wiki/C%C3%BA... má tá am ag aon duine é a aistriú!

09.10.2025 12:23 — 👍 1    🔁 0    💬 1    📌 0
Preview
Comhdháil Snaidhm Cheilteach 2025 - Meta-Wiki

Na déanaigí dearmad, tá mionchomhdháil #CelticKnot ar líne amárach agus beidh cainteoirí suimiúla ann - pléifear tionscadail teanga mionlaigh Wikimedia + i réimse na teicneolaíochta teanga. Tosaímid ag 13:00 - faigh tuilleadh sonraí + cláraigh tríd an nasc thíos:

meta.wikimedia.org/wiki/Celtic_...

22.09.2025 16:33 — 👍 1    🔁 1    💬 0    📌 0

B'fhéidir! Déanfaimid teagmháil leo agus cuirfimid in iúl duit cad atá le rá acu faoi 🫡

22.09.2025 16:28 — 👍 1    🔁 0    💬 0    📌 0

Go raibh maith agat as aird a tharraingt air seo!

19.09.2025 11:08 — 👍 2    🔁 0    💬 1    📌 0
September MeithealWiki Community Editathon for Wiki Loves Monuments — Programs & Events Dashboard Wiki Dashboard

Chomh maith le sin, tá MeithealWiki na Míosa ar siúl agus táimid ag iarraidh ar dhaoine leathanaigh a chur in eagar ar Vicipéid agus ar Wikipedia (i mBéarla) a bhaineann le séadchomharthaí in Éirinn.
Faigh leathanach ar an liosta thíos agus cláraigh ar an deais thíos:
tinyurl.com/MeithealWiki...

04.09.2025 19:51 — 👍 0    🔁 0    💬 0    📌 0

Glac grianghraif d'oidhreachta tógtha in Éirinn agus uaslódáil iad ar Chómhaoin (Commons) roimh 30 Meán Fómhair. Droichead, caisleán, nó eaglais - cabhraíonn gach grianghraf.

Tuilleadh eolais⬇

04.09.2025 19:39 — 👍 2    🔁 1    💬 1    📌 0

Tá an ceart agat, 'Glac grianghraif d'oidhreachta tógtha in Éirinn' a bhí i gceist againn.

04.09.2025 19:02 — 👍 1    🔁 0    💬 0    📌 0

New to UCD? Did you know that all UCD students & employees can join a free Irish language course (levels A1 to B2 offered). Places are allocated on a 1st come 1st served basis. Register now at: ucd.ie/irish/en/langu…

26.08.2025 11:22 — 👍 5    🔁 3    💬 0    📌 0
Preview
Wiki Loves Pride Ireland 2025 is Here!/ Tá Is Breá le Vicí Bród 2025 tosaithe! Open June 1st – August 31st - Wikimedia Community Ireland Celebrating LGBTQI+ Life Across Ireland It’s time to grab your camera, phone, or favourite old photos – Wiki Loves Pride Ireland 2025 is now open for entries! Running from June 1st to August 31st, thi...

📸 An bhfuil grianghraif agat ó fhéilte Bróid? Tá Wiki Loves Pride / Is Breá le Vicí Bród fós ar siúl - níl ach seachtain fágtha! Uaslódáil do ghrianghraif roimh dheireadh Lúnasa & seans duaiseanna a bhuachan! 🏆

Tuilleadh eolais:

wikimedia.ie/2025/06/01/w...

22.08.2025 16:05 — 👍 2    🔁 3    💬 0    📌 0
Preview
Nuachtlitir Iúil 2025 / July Newsletter 2025 - Wikimedia Community Ireland Welcome to the July newsletter, where we fill you in on what we have been up to each month at Wikimedia Community Ireland. Grab a cuppa and catch up on our Irish language Workshop at the National…

📰 Tá Nuachtlitir Iúil 2025 againn anois! Bígí ar an eolas faoi ár gcuid tionscadal, imeachtaí, agus scéalta pobail ó @wikimediaireland.bsky.social

Léigh anseo:
🔗 wikimedia.ie/2025/07/29/n...

#Vicipéid #Wikimedia #AnGhaeilge

31.07.2025 13:00 — 👍 2    🔁 2    💬 0    📌 0

Seans deireanach - cláraigh anois don cheardlann amárach!

14.07.2025 13:00 — 👍 0    🔁 0    💬 0    📌 0
Preview
Sign-up Open! Digital Activism Workshop at the National Library with Rising Voices | Gníomhaíocht Dhigiteach & an Ghaeilge Ceardlann mar chuid de Rising Voices - Wikimedia Community Ireland Ceardlann mar chuid de Rising Voices | A Workshop as part of Rising Voices Maidir leis an Tionscadal | About the Project Tá Glóir Aníos mar chuid de thionscadal domhanda ó Global Voices, darb ainm Ris...

Glóir Aníos: Gníomhaíocht Dhigiteach & an Ghaeilge

Beidh ceardlann ar siúl i mBaile Átha Cliath ar 15 Iúil mar chuid de Rising Voices. Scileanna, taithí & comhrá maidir leis an nGaeilge sa spás digiteach.

wikimedia.ie/2025/07/03/s...

11.07.2025 10:37 — 👍 0    🔁 0    💬 0    📌 0
Preview
Glóir Aníos | Rising Voices📝 Léiriú Spéise / Expression of Interest Téama / Theme: Gníomhaíocht Dhigiteach & an Ghaeilge / Digital Activism & the Irish Language 💬 Réamhrá / Introduction Tá an tionscadal seo dírithe ar an gceist: conas is féidir linn ár dteanga mhionla...

📢 Dáta Deireanach: Dé Luain beag seo, 2ú Meitheamh!
Más spéis leat páirt a ghlacadh i gceardlann ar Gníomhaíocht Dhigiteach & an Ghaeilge le @risingvoices.bsky.social - líon isteach anois ✍️

👉 forms.gle/RbgEYiC5TUoi...

#Gaeilge #GníomhaíochtDhigiteach

@wikimediaireland.bsky.social

30.05.2025 10:15 — 👍 2    🔁 4    💬 0    📌 1
Preview
Glóir Aníos | Rising Voices📝 Léiriú Spéise / Expression of Interest Téama / Theme: Gníomhaíocht Dhigiteach & an Ghaeilge / Digital Activism & the Irish Language 💬 Réamhrá / Introduction Tá an tionscadal seo dírithe ar an gceist: conas is féidir linn ár dteanga mhionla...

Ar mhaith leat páirt a ghlacadh? 🗣️

Líon isteach an suirbhé gairid seo chun do chuid spéise a léiriú 💬
👉 forms.gle/odnxDH2i9W2n...

23.05.2025 09:51 — 👍 1    🔁 0    💬 0    📌 0

@vicipeid is following 20 prominent accounts