Tuigim's Avatar

Tuigim

@tuigim.bsky.social

Éireannach i SAM, ag imeacht le sruth. Suim i dteangachaí, cearta daonna. Bris an Dialathas Blag: ancroiait.wordpress.com http://alturl.com/s2dz7 m'achainí & http://alturl.com/mj8wq

148 Followers  |  36 Following  |  57 Posts  |  Joined: 26.11.2023  |  1.6585

Latest posts by tuigim.bsky.social on Bluesky

Preview
Fleadh25 | Sathairn | Seinnteoir | Irish Television Channel, Súil Eile Craoladh beo ó Loch Garman ar Fhleadh Cheoil na hÉireann 2025. Beidh ceol, amhráin agus damhsa den chéad scoth le feiceáil le linn na féile, idir mhór uaisle an cheoil agus curaidh nua na hÉireann. Be...

Grá mo chroí na laetha fada,
’Chaith mé thíos fá bhruach na trá,
Seal ag imirt le mo mhadadh,
Seal ag súgradh le mo ghrá,
Seal gan ghruaim fá bhruach an easa,
’Féachaint bradán ar an tsnámh,
Is a Rí na nDúl, nach trua nach mairfeadh
Saol na suáilce dúinn go brách.

10.08.2025 20:42 — 👍 0    🔁 1    💬 0    📌 0
Preview
Gabh mo leithscéal, sílim gur liomsa an suíochán sin. This train passenger thinks you are sitting in her seat. What do you answer?

Tá áirithint agam. = I have a reservation.
www.nativedialogs.com/irish/2025-0...

11.08.2025 10:23 — 👍 1    🔁 2    💬 0    📌 0
Post image

Tá samhlaíocht iontach ag agóideoirí na Breataine. 👏

12.08.2025 10:41 — 👍 13    🔁 3    💬 0    📌 0
Preview
Caoimhín Ó Liatháin Taillinn agus Stalin

Táim mall leis na podchraoltaí agus ní go dtí anois a bhfuilim ag éisteacht le do phíosa @coliathain.bsky.social

Aiste thar a bheith spéisiúil -neamhghnáthach agus dea-chumtha. Bhaineas ana-thaitneamh as. Mo sheasamh ort!

www.rte.ie/radio/rnag/c...

12.08.2025 09:58 — 👍 9    🔁 2    💬 1    📌 0
Preview
Education Minister cut Māori words from future junior books, documents reveal The near-total ban in 5-year-olds' books was driven by concern it would be confusing, documents show.

Bíonn sé deacair uaireanta a mhíniú cé chomh suarach agus frith-Māori is atá an rialtas anseo sa N-S, ach déanann scéalta mar seo é go maith...

www.rnz.co.nz/news/nationa...

13.08.2025 22:40 — 👍 6    🔁 1    💬 0    📌 0
Preview
Laoch na nGael Pádraig Mac Piarais Tús Áite · Episode

Bhain mé an-sult as an mír seo:
open.spotify.com/episode/7KXK...

15.08.2025 00:25 — 👍 3    🔁 1    💬 0    📌 0

Beannachtaí deasa a d'fhoghlaim mé inniu:
Go gcuire Dia rath agus bláth ort.
Go méadaí Dia do stór.
Go mbeannaí Dia duit.
GRMA @tuigim.bsky.social nár lagaí Dia do lámh!

Samplaí eile amuigh ansin?

10.08.2025 09:09 — 👍 7    🔁 2    💬 1    📌 0
Post image

Goineog bhreá do Liam Ó Flaithearta i ndeireadh an tsleachta seo. Ceann amháin d'iliomad scéalta agus cuimhní cinn in 'Hotel Lux' le @mauricejcasey.com. Stair cuid de na daoine a d'oibrigh i Moscó ar son an Comintern le linn laethanta na réabhlóide agus an idéalachais.

15.08.2025 08:24 — 👍 10    🔁 2    💬 1    📌 0
Preview
Seachtain: Cé chomh fada is mhair an Ghaeilge i mBaile Átha Cliath - when was the Dublin Gaeltacht? Tá Gaeilge ann i mBaile Átha Cliath – fiú más deacair í a chloisteáil in amanna i measc theangacha an domhain.

Seachtain: Cé chomh fada is mhair an Ghaeilge i mBaile Átha Cliath - when was the Dublin Gaeltacht? www.independent.ie/podcasts/sea...

15.08.2025 08:32 — 👍 3    🔁 2    💬 0    📌 0
'Geansaithe Móra' agus 'Fiche'

'Geansaithe Móra' agus 'Fiche'

Chríochnaigh mé Geansaithe Móra le Gearóidín Nic Cárthaigh & bhí sé galánta ar fad. Tugann na scéalta beaga spléachadh dúinn ar shaol na mban, & tá siad tochtmhar & cliste. Tá an méid nach ndeirtear chomh tábhachtach leis an méid a deirtear. Anois, Fiche, le Colm Ó Ceallachán.

15.08.2025 09:23 — 👍 13    🔁 3    💬 1    📌 0
Aistear Aclaíochta < Meon Eile

" Níos tábhachtaí ná aon rud, mothaím go bhfuilim mar chuid de phobal, pobal atá dlúth, spreagúil agus a thugann aire dá chéile. Ar aistear atáimid ar fad, agus níl ann ach an tús go fóill! "

15.08.2025 09:52 — 👍 0    🔁 1    💬 0    📌 0
Video thumbnail

Ceann dos na trí nithe ná raibh aon léamh ag Aristotle féin air! Ní gá na h-aon ní thuiscint, ach fanacht socair babhtaí.

15.08.2025 09:16 — 👍 9    🔁 3    💬 1    📌 0
Preview
Goats Gruff / Pizza Coffee & Events in Dublin — Goats Gruff Dublin Neapolitan pizza, specialty coffee, premium matcha, event space Dublin, Strawberry Beds

Biachlár i nGaeilge ó veain phíotsa "Goats Gruff Dublin" na gCeapóg Sú Talún

goatsgruffdublin.com/menus

15.08.2025 11:20 — 👍 6    🔁 1    💬 0    📌 0
Preview
Paiste Cainte ag Helen Ní Shé le Colm Mac Con Iomaire – ‘Teach dátheangach a bhí ann, bhí Gaeilge ann agus bhí ceol ann’ San eagrán is déanaí de ‘Paiste cainte ag Helen Ní Shé…’, labhraíonn Helen le Colm Mac Con Iomaire, ceoltóir a bhí ina bhall bunaithe de Kíla agus The Frames

Paiste Cainte ag Helen Ní Shé le Colm Mac Con Iomaire – ‘Teach dátheangach a bhí ann, bhí Gaeilge ann agus bhí ceol ann’
tuairisc.ie/paiste-caint...

15.08.2025 08:03 — 👍 4    🔁 4    💬 0    📌 0

Álainn

11.03.2025 12:34 — 👍 0    🔁 0    💬 0    📌 0

Go n-éirí leat. Tá tú togha.

11.03.2025 12:33 — 👍 1    🔁 0    💬 0    📌 0

Letters went out to federal workers this morning stating they were fired due to poor performance. However, all employees had been rated as “exceptional” performers by their supervisors. Please keep these records and pursue wrongful termination claims. Let the lawsuits begin.

16.02.2025 21:28 — 👍 64255    🔁 15232    💬 961    📌 410

AGOA!!!

28.01.2025 01:57 — 👍 0    🔁 0    💬 0    📌 0
Post image

Athbhliain faoi mhaise ó Malibu.

01.01.2025 22:20 — 👍 7    🔁 1    💬 0    📌 0
An traein bheag le paisinéirí, an stáisiún traenach sa chúlra

An traein bheag le paisinéirí, an stáisiún traenach sa chúlra

Athbhliain faoi mhaise daoibh, a chairde. Chaith mé an lá ag an stáisiún traenach beag bídeach sa pháirc áitiúil, ag déanamh obair dheonach. Anois tá mé traochta agus i mo luí ar an tolg, mar sin léigh mé cúpla caibidil den leabhar 'Tír Bheag'. Leabhar iontach.
#100daysofGaeilge

01.01.2025 08:04 — 👍 21    🔁 1    💬 0    📌 0
Post image

"Go raibh an saol ar do thoil agat
An grá ina rabharta agat
An buaireamh ina thráigh agat
Do ghrá geal ’do leaba agat
Sláinte is beatha agat
Aoibhneas cheithre ráithe agat
Deá-mhéin go deo ort
Beannacht na bliana úir’ ort
Urnaí agus guí
Go mbeirimid beo ar an am seo arís!"

01.01.2025 13:15 — 👍 12    🔁 6    💬 1    📌 0
Preview
K. 278 Toghchán 24: Stádús sa Cheo? Seo linn is an toghchán ag tarlú amárach in Éirinn. Cad a tharlóidh? Stádús sa Cheo? An Status Quo? Athrú ar nós tsunami de dhíth le cúrsaí a chur ina gceart. Cén rogha atá agaibh? Fianna Fáil? NO.…

Comhairle don toghchán amárach
ancroiait.wordpress.com/2024/11/28/k...

28.11.2024 21:26 — 👍 0    🔁 0    💬 0    📌 0

Siúcra

06.12.2023 18:23 — 👍 0    🔁 0    💬 0    📌 0

Lúibín #TrasnaNadTonnta agus trasna na meáin. Scéal faoi Elon agus a mhalairt (Nola)
Thar barr! tuairisc.ie/eireannaigh-...

06.12.2023 18:21 — 👍 0    🔁 0    💬 0    📌 0

Soon, we’ll be sharing how users can turn on the opt-out feature, and how developers can ensure compatibility with other apps.

05.12.2023 22:01 — 👍 952    🔁 98    💬 22    📌 9

Is muid ag díriú ar Iosrael, ná déan dearmad ar atá an Rúis ag déanamh.

06.12.2023 02:48 — 👍 0    🔁 0    💬 0    📌 0

Cúla Dúile ?

06.12.2023 02:44 — 👍 1    🔁 0    💬 0    📌 0

Deas!

06.12.2023 02:33 — 👍 0    🔁 0    💬 0    📌 0

#trasna23 GRMA, Toni www.youtube.com/watch?v=iKxS...

04.12.2023 16:56 — 👍 1    🔁 0    💬 0    📌 0

Maith go leor. GRMA. Tabharfaidh sé seans do dhaoine leabhar nua a fháil don athbhliain. Bhaineamar an-taitneamh as Bláth na dTulach sa Chlub Leabhar i 2023. Buíoch as an obair ar fad atá curtha isteach ann. Mo cheol sibh!

04.12.2023 15:42 — 👍 1    🔁 0    💬 0    📌 0

@tuigim is following 19 prominent accounts