Nigel McLoughlin's Avatar

Nigel McLoughlin

@skintownboy.bsky.social

Maker of poems, habitual dismantler of stories and poems, Gaeilge agus Béarla, cognitive style-o-phile

35 Followers  |  40 Following  |  39 Posts  |  Joined: 28.10.2024  |  2.036

Latest posts by skintownboy.bsky.social on Bluesky

Rotha beag an tsaoil

08.09.2025 22:00 — 👍 0    🔁 0    💬 0    📌 0
Post image

Fuair mé an tseoid bheag seo inniu.

15.08.2025 19:08 — 👍 4    🔁 0    💬 0    📌 1

Fan go gcluine siad faoin mhórsheisear.

09.07.2025 10:32 — 👍 7    🔁 1    💬 0    📌 0

Comhghairdeas! Tá éacht mór déanta agat.

30.06.2025 14:48 — 👍 1    🔁 0    💬 0    📌 0

Comhghairdeas a chara, go n-éirí an cúrsa nua leat!

25.06.2025 10:34 — 👍 1    🔁 0    💬 0    📌 0

Tá an ceart agat, a Lorna

02.04.2025 11:10 — 👍 1    🔁 0    💬 1    📌 0

…ar na sléibhte mar is gnáth ach bhí siad reoite anois agus bhí na bealaí uisce ar thaobh an bhóthair ag dul trí ‘Chlais an Rí’ reoite freisin. Bhí na bóithre ciúin agus oibríodh an salann go maith orthu agus tháinig muid ar ais go measartha luath. 3/3. #100daysofGaeilge

13.01.2025 12:26 — 👍 2    🔁 0    💬 0    📌 0

Bhris mé an t-oighear agus chuaigh muid síos an mótarbhealach. Bhí clúdach maith sneachta ann. Bhí go leor ann le cur cuma pictiúrtha ar an radharc ach ní raibh carntha móra sneachta ar bith le feiceáil in aice leis an mbóthar. D'fhéadfá na heasanna beaga a fheiceáil… 2/3. #100daysofGaeilge

13.01.2025 12:26 — 👍 0    🔁 0    💬 1    📌 0

Fuair muid an bád agus chuaigh muid soir an bóthar go Dún Phrís áit ar fhan muid ar feadh oíche. Bhí sé ag reo lasmuigh agus thit an teocht i rith na hoíche. Tar éis bricfeasta maith, bhí orm an carr a dhíreo. Bhí oighear ar an uisce a níonn na fuinneoga. 1/3. #100daysofGaeilge

13.01.2025 12:25 — 👍 2    🔁 0    💬 1    📌 0

Chuir Seán agus Para an fear sin agus a chuid saighdiúirí chun siúl ó Bhearna Ghleann Seáin ar ais go Doire ina bhfo-éadaí. Agus chuir na daoine Ghleann Seáin ar an Bhearna ina dhiaidh sin. Bhí Gleann Sionnaigh an t-ainm a bhí ar an bhearna roimhe sin. 3/3. #100daysofGaeilge

12.01.2025 12:47 — 👍 1    🔁 0    💬 1    📌 0

…le hasal agus cairt, nó fiú de shiúl na gcos. Dá mbeadh an mí-ádh ort b’fhéidir go dtiocfá ar Sheán Crosach agus ar Phara Fada, agus b’fhéidir go gcaillfeá do chuid airgid agus do chuid éadaí. Deirtear gurbh é sin a rinne siad ar Ghinearál Napier... 2/3. #100daysofGaeilge

12.01.2025 12:34 — 👍 0    🔁 0    💬 1    📌 0

Chuaigh maid fríd an sneachta thar Bhearna Ghleann Seáin a bhí chomh breá agus a d'iarrfadh do bhéal í a bheith. Ach cuireann sé an-iontas orm i gcónaí cad é mar a bheadh ​​sé roimhe seo, nuair a bheadh ​​ort iarracht a dhéanamh é a dhul thart le cóiste agus capall… 1/3. #100daysofGaeilge

12.01.2025 12:33 — 👍 1    🔁 0    💬 1    📌 0

#100daysofGaeilge

09.01.2025 22:04 — 👍 1    🔁 0    💬 0    📌 0

Rud beag cosúil le Cú Chulainn ag teacht in áit an chú ar dualgas garda tar éis a mharaigh sé é. 4/4. #100daysofGaeilge

09.01.2025 22:03 — 👍 2    🔁 0    💬 0    📌 0

Tá sé freagrach freisin, má tá scéalta le creidiúint, as mac tíre a chur faoi gheasa ionas go gcaithfeadh sé aontú le bheith curtha faoin chuing an chéachta chun obair daimh a chríochnú tar éis a mharaigh an mac tíre an daimh. 3/4. #100daysofGaeilge

09.01.2025 22:03 — 👍 0    🔁 0    💬 1    📌 0

Is dócha gur thug an lámh chéanna deis dó oibriú ar feadh uaireanta sa teach screaptra agus é ag déanamh nótaí gáirsiúla agus breacáin ar imeall na soiscéil tar éis a chuir an t-ab cosc ar úsáid choinnle tar éis meán oíche i dtiomáint geilleagair Ré Dhorcha. 2/4. #100daysofGaeilge

09.01.2025 22:03 — 👍 0    🔁 0    💬 1    📌 0

Inniu féasta Naomh Faolán na láimhe lonrúla - is cosúil gur chuir sé seo go mór lena chuid foghlama, rud a ligeann dó léamh faoi na clúdaigh agus é ina leanbh ina leaba gach oíche gan fhios dá thuismitheoirí. 1/4. #100daysofGaeilge

09.01.2025 21:56 — 👍 5    🔁 0    💬 1    📌 0

Guím laethanta orthu nach dtarlóidh rud ar bith. Go mothaí siad an t-ádh orthu a mhothaím orm anocht. 3/3. 100daysofGaeilge

08.01.2025 23:03 — 👍 1    🔁 0    💬 1    📌 0

Cén t-ádh atá orainn anseo inár n-áit nach dtarlaíonn rud ar bith. Cé chomh huafásach a bheith in áit a bhfuil do dhomhan ar fad trí thine go tobann. Ba mhian liom go raibh rud éigin níos doimhne le rá agam, ach níl. Guím gach rath ar na daoine bochta sin. 2/3. 100daysofGaeilge

08.01.2025 23:02 — 👍 2    🔁 0    💬 1    📌 0

Lá a bhí inniu ann nár tharla rud ar bith, agus tharla an méid sin go han-mhall. Thug gaoth éadrom cith flichshneachta. Fiú níor fhan sé sin i bhfad. Bhí sé déanach nuair a fuair mé deis féachaint ar an nuacht. Cén t-ádh atá orainn anseo inár n-áit nach dtarlaíonn rud ar bith. 1/3. 100daysofGaeilge

08.01.2025 23:00 — 👍 4    🔁 2    💬 1    📌 0

Maith thú! A Lorna. Comhghairdeas!

08.01.2025 20:05 — 👍 1    🔁 0    💬 0    📌 0

…ag buaicthráth tráchta na maidine. Dúirt mé leis go raibh daoine níos críonna ag iompar ciseáin uisce ó Loch nEathach chun an fharraige a chaolú. Tá a cheann á scrúdú faoi láthair. Níl na comharthaí go maith. 3/3. #100daysofGaeilge

07.01.2025 23:09 — 👍 1    🔁 0    💬 0    📌 0

Bhí moille mhór ar a chuid dhul chun cinn. Ba léir gur thréig sé as a mheabhair, pé tuiscint bheag a d’fhéadfadh a bheith air, ag ceapadh gur lá maith a bheadh ​​ann inniu chun cnoc fada géar a thiomáint suas go dtí áit ar a dtugtar Mullach an tSléibhe... 2/3. #100daysofGaeilge

07.01.2025 23:08 — 👍 0    🔁 0    💬 1    📌 0

Bhí sneachta ann inniu. Bhí an seanduine creatán ag taisteal i nDún na nGall. Bhí rudaí ag dul ar aghaidh go measartha maith go dtí gur tháinig sé ar an líne tráchta a bhí páirceáilte, mar ba chuma leo, sa sneachta ag dul suas an cnoc go dtí Mullach an tSléibhe. 1/3. #100daysofGaeilge

07.01.2025 23:07 — 👍 2    🔁 0    💬 1    📌 0

agus dúirt duine éigin gur chuala sé go raibh duine éigin eile á dhul suas i luasbhád air ach ní bheinn róchinnte faoi sin. 3/3. #100daysofGaeilge

06.01.2025 20:34 — 👍 0    🔁 0    💬 0    📌 0

agus ansin bhí sé cosúil le rinc oighear. Bhí daoine amach ar an leac oighear agus iad ag scátáil agus ag déanamh casaidh agus baothléimeanna. Dúradh go raibh cuid den mhótarbhealach mór faoin uisce…2/3. #100daysofGaeilge

06.01.2025 20:34 — 👍 0    🔁 0    💬 1    📌 0

Tá sé fliuch inniu ach níl sé chomh fliuch anseo mar a bhí sé san áit ina raibh mé i mo chónaí ann am amháin. Chonaic mé daoine agus iad amach ag snámh ar na goirt. Bhí an pháirc mhór in aici linn mar linn snámha Oilimpeacha go dtí gur reodh é…1/3. #100daysofGaeilge

06.01.2025 20:33 — 👍 0    🔁 0    💬 1    📌 0

Ba mheasa ag na corraí bochta é: d’fheicteá iad amuigh ar an loch i bhfostú san oighear agus iad ag iarraidh eitilt agus iallacha orthu ag na cosa. Shilfeá go raibh siad á gcéasadh. 3/3 #100daysofGaeilge

05.01.2025 14:36 — 👍 2    🔁 0    💬 0    📌 0

Bhíodh laethanta ann agus d’fheannfadh an sioc an craiceann de shióga agus deirim leat nach mbídís róshásta faoi sin. Bhíodh na sióga ina n-áibhirseoirí splancacha siosarnacha an geimhreadh ar fad agus ní mór duit a bheith ag faire amach má thrasnaigh tú iad. 2/3 #100daysofGaeilge

05.01.2025 14:36 — 👍 2    🔁 0    💬 1    📌 0

Tá sé fuar, agus cuireann sé i gcuimhne dom geimhridh m’óige nuair a bhí na corraí conáilte amach ar Loch Éirne agus muid ag iascaireacht. Bhíodh orainn toitíní a chaitheamh ceann amháin i gceachtar ár dhá láimh, sa chaoi go gcoinníodh an teas ón toitín an siocdhó ónár méara. 1/3. #100daysofGaeilge

05.01.2025 14:35 — 👍 1    🔁 0    💬 1    📌 0

@skintownboy is following 19 prominent accounts