Rinne mé dearmad glan air an méid sin. Grma!
13.09.2025 18:10 — 👍 1 🔁 0 💬 1 📌 0@oisinmac.bsky.social
Mar a dúradh faoin mbleachtaire iomráiteach Réics Carló, ''Gael uirbeach a bhí éirimiúil, cróga agus tírghrách, é fréamhaithe ina chultúr dúchais ach muiníneach as a ról sa saol nua-aoiseach''
Rinne mé dearmad glan air an méid sin. Grma!
13.09.2025 18:10 — 👍 1 🔁 0 💬 1 📌 0Míle buíochas!
13.09.2025 18:08 — 👍 1 🔁 0 💬 0 📌 0Thar cionn, grmma! Bainfimid triail astu ar aon chaoi. Is cinnte gur feiliúnaí iadsan ná na gnáthchláracha do dhaoine fásta ar RnaG lena raibh sí ag éisteacht go nuige seo!
13.09.2025 14:47 — 👍 1 🔁 0 💬 1 📌 0An ann d'aon phodchraoladh Gaeilge do leanaí?
13.09.2025 12:56 — 👍 3 🔁 2 💬 2 📌 0", cé a bheidh"?
Is léir gur meaisínaistriúchán ón mBéarla ", who will be" é seo. Céard atá ag tarlú leis an Údarás? An ea gur scríobh ChatGPT an bunfhógra seo i mBéarla agus gur úsáideadh Google translate lena iompú go Gaeilge?
Níor léigh mé Tairngreacht fós, ach bhain mé an-sult as Rún an Bhonnáin. Bhraith mé gurbh amhail le Da Vinci Code Gaelach é, agus taitníonn sé liom i gcónaí áiteacha/imeachtaí a bhfuil taithí agam féin orthu, fearacht Chlub an Chonartha agus an Oireachtais, a fheiceáil ar leathanaigh úrscéil!
26.05.2025 18:25 — 👍 3 🔁 0 💬 0 📌 0Bíonn ciall níos leithne le "le chéile" agus ciall níos sonraí le "lena chéile", go hiondúil, áfach, cosúil leis an difríocht idir "together" agus "with each other" sa mBéarla.
19.05.2025 18:44 — 👍 1 🔁 0 💬 0 📌 02 ar lean) Mar shampla, is ionann "thug sé DOM é" sa nGaeilge agus "he gave it TO me" sa mBéarla, ach "dúirt sé LIOM é" sa nGaeilge agus "he said it TO me" chomh maith, cé gur ionann "liom" agus "with me". Moladh ginearálta don chainteoir Béarla a bhí san idirdhealú thuas.
19.05.2025 18:44 — 👍 1 🔁 0 💬 1 📌 0Dhá rud a déarfainn faoi sin:
1) Tá 115 sampla de "in iomaíocht le chéile" agus 248 sampla de "in iomaíocht lena chéile" ar corpas.ie.
2) Ní cóid chomhchosúla a bhíonn i dteangacha, go háirithe cinn nach bhfuil thar a bheith gaolmhar lena chéile fearacht na Gaeilge agus an Bhéarla.
Is é an fhadhb a bheadh agam le teanga neamhfhorleathan, ná go measfainn go mbeadh sórt impleachta ann gur teanga réigiúnach í, seachas teanga náisiúnta, nó idirnáisiúnta go deimhin, ó cheart í, a mionlaíodh i gcaitheamh na mblianta
19.05.2025 12:46 — 👍 3 🔁 1 💬 0 📌 0Le chéile = together
Lena chéile = with each other.
Mar shampla: Chuadar ann le chéile agus iad ag caint lena chéile feadh an ama.
Teanga mhionlaithe, a mholfainn féin, óir teanga a bhíodh forleathan, ach a mionlaíodh d'aon turas í an Ghaeilge
19.05.2025 11:02 — 👍 4 🔁 0 💬 0 📌 0Ach is mar v a fhuaimnítear é, dar le foghraíocht na Gaeilge.
Is minic a chloistear wótáil (vótáil) agus wóta (vóta) thiar, chuala mé trácht ar na wolunteers faoi cheannas Liam Uí Maoilíosa fiú.
Ba mhinic wery in ionad very, agus mar sin de, sna cuntais is túisce ar Bhéarla na hÉireann freisin
Bígí linn an Satharn seo! Scaipigí an scéal le bur dtoil. #gaeilge #foghlaimgaeilge
09.04.2025 10:19 — 👍 8 🔁 4 💬 1 📌 0Fiche fiche cúig i gcónaí.
07.04.2025 18:20 — 👍 2 🔁 0 💬 0 📌 0Tá ag sárú orm aon bhlúire eolais a aimsiú faoi ar Google, ná go deimhin aon rian de ar shuíomh na leabharlainne.
An bhfuil aon nasc ábhartha agat?
Níor chuala mé trácht ar Dhuineall, céard é féin?
Is breá an áit í an Leabharlann Náisiúnta le cúpla uair a chloig a mheilt, ach cúpla uair shaor a bheith ag duine, gan dabht!
Diabhal Gaeilge ar bith ag duine ar bith ag obair ann i mo thaithíse, áfach.
Is cosúil gur féidir é a léamh sa Leabharlann Náisiúnta, ach áirithint á dhéanamh breis is seachtain roimh ré.
catalogue.nli.ie/Record/vtls0...
Grma! Táim ag súil go mór leis an leagan deiridh a fheiceáil!
19.02.2025 12:21 — 👍 1 🔁 0 💬 0 📌 0Agallóir raidió a rugadh is a tógadh áit éicint eile, ach a bhí ag obair, nó ag cur faoi sa gceantar sin, ab ea?
19.02.2025 11:14 — 👍 0 🔁 0 💬 1 📌 0Bheadh ciall leis sin, go háirithe agus tréith chanúnach a bhaineann le deisceart Chonamara ag gabháil leis, ach tá Ráth Chairn breis is 30km siar ón bpointe sin 🤔
19.02.2025 10:28 — 👍 1 🔁 0 💬 1 📌 0Céard é an pointe buí díreach lastuaidh de Bhleá Cliath? Níor cheap mé go ndearnadh aon taifead fuaime ar chanúint dhúchais na Mí.
19.02.2025 10:21 — 👍 0 🔁 0 💬 2 📌 0Dia leat.
21.01.2025 17:08 — 👍 1 🔁 0 💬 0 📌 0Fadhb ar bith, a chomrádaí!
21.01.2025 14:40 — 👍 1 🔁 0 💬 1 📌 0Ba mhaith an seans go gcuirfeadh sé lagmhisneach ort. B'fhearr rud éicint nua aimseartha a léamh ar dtús agus tíocht ar ais go Cré na Cille i gceann cúpla bliain eile. Bíonn go leor léirmheasanna cabhracha á ndéanamh ag @murchadhmor.bsky.social
21.01.2025 14:33 — 👍 5 🔁 0 💬 2 📌 0Ní mholfainn Cré na Cille mura bhfuil Gaeilge an-mhaith agat. Is iontach an leabhar é, ach tá sé breac le téarmaí agus nathanna canúnacha neamhchoitianta ó Chois Fharraige an chéid seo caite, chomh maith le litriú canúnach. Ba dheacair an leabhair é do chainteoirí dúchais an lae inniu agus
21.01.2025 14:33 — 👍 3 🔁 0 💬 1 📌 0An maireann aon taifead fuaime de Ghaeilge An Chladaigh, i gcathair na Gaillimhe?
19.01.2025 17:44 — 👍 1 🔁 0 💬 0 📌 0Spéisiúil, go deimhin. B’fhéidir é, tionchar na bhfoclóirí seans, nó b'fhéidir go mbaineann "madraí an bhaile" le ceantar ar leith?
18.01.2025 16:35 — 👍 2 🔁 0 💬 2 📌 0Aisteach go leor, ní dóigh liom gur chuala mé an leagan sin in úsáid riamh, ach ba mhinic a chuala mé "madraí na sráide", áfach.
18.01.2025 15:40 — 👍 2 🔁 0 💬 1 📌 0Is ann do "Teach an Chustaim", "Teach an Ard-Mhéara" agus na tithe tábhairne "Teach na Céibhe" agus "Teach Neilí Rua" i lárchathair Bhleá Cliath. An bhfuil cúis ar leith ann go n-úsáidtear "Teach" in ionad "Tigh" i mBÁC, ar nós na n-Ultach?
18.01.2025 15:35 — 👍 0 🔁 0 💬 0 📌 0