Tomaí Rua's Avatar

Tomaí Rua

@tomai.bsky.social

Scríbhneoir | Aistritheoir | Taiscéalaí | Bunaitheoir NÓS https://linktr.ee/tomairua

99 Followers  |  69 Following  |  23 Posts  |  Joined: 20.06.2023  |  1.833

Latest posts by tomai.bsky.social on Bluesky

Post image

'Cluas (agus croí) le héisteacht'

Alt liom faoin spioradáltacht ar Comhar na míosa seo. Ceannaigh cóip nó síntiús ar líne agus tacaigh leis na meáin Ghaeilge.

comhar.ie/iris/86/2/cl...

05.02.2026 15:31 — 👍 10    🔁 2    💬 0    📌 0

“Chun an brón, an t-ocras, an chogaíocht a dhíbirt, ní mór réabhlóid shíceolaíoch a bheith ann, agus is rud é sin nár mhian le mórán againn aghaidh a thabhairt air.”

Bhí an fhírinne ag Krishnamurti. Dá mba mhaith linn an saol seachtrach a athrú, caithfidh muid an saol inmheánach a athrú ar dtús.

03.02.2026 11:40 — 👍 1    🔁 0    💬 0    📌 0

Galánta a chara, tá súil agam go bhfuil an saol go maith libh thall - in ainneoin na n-ainneoin!

16.01.2026 16:43 — 👍 1    🔁 0    💬 0    📌 0
Post image

Freagra ar an domhan mhire ina maireann muid.

Con una bellissima illustrazione di Elisa Gambicchia.

15.01.2026 13:43 — 👍 10    🔁 1    💬 1    📌 0
Maitiú na Tamhnaí (1847-1923) - Diansaothraí agus Scoth Seanchaí · Cartlann Ghaeltacht Chonamara

Tháinig mé air seo, a bhuí le @omaoldomhnaigh.bsky.social

www.cartlann.ie/items/show/2...

Is cosúil gur dhúirt sé chomh maith go mbeadh Éire faoi uisce seacht mbliana roimh dheireadh an domhain - tuar atá píosa beag róghar don fhírinne is dócha!

07.01.2026 20:04 — 👍 1    🔁 0    💬 0    📌 0

Iontach ar fad, míle buíochas leat a Ré!

07.01.2026 19:53 — 👍 1    🔁 0    💬 0    📌 0

Cén tairngreacht í sin a Aonghuis?

04.01.2026 21:42 — 👍 0    🔁 0    💬 2    📌 0
Post image

Tá dúshláin gan áireamh romhainn mar speiceas - cogaíocht & slad, deighilt & saint, scrios timpeallachta & dícheangal daonna - ach ní mór dúinn coinneáil orainn & ár ndícheall a dhéanamh an solas, an grá & an muintearas a chothú níos mó ná riamh.

Gach rath ar gach neach i ngach áit in 2026.

01.01.2026 12:51 — 👍 7    🔁 0    💬 0    📌 0

Míle buíochas a chara, chuir Antain go mór leis an tsraith.

19.12.2025 11:39 — 👍 1    🔁 0    💬 0    📌 0

Is fiú go mór é. Ábhar suimiúil luachmhar ann!

19.12.2025 11:39 — 👍 1    🔁 0    💬 0    📌 0
Post image Post image

Go maire muid uilig na móimintí beaga nuair a thig siad chugainn.

01.12.2025 15:29 — 👍 3    🔁 1    💬 0    📌 0

Is deas liom sin a chluinstin a Lorna! Is mór an t-ábhar machnaimh a thugann gach aoi sa tsraith dúinn. Tá mé iontach sásta go bhfuil tú ag baint tairbhe as.

01.12.2025 15:29 — 👍 1    🔁 0    💬 0    📌 0

Dhéanfadh sin comhartha fáilte den scoth!

27.11.2025 21:29 — 👍 3    🔁 0    💬 1    📌 0
Video thumbnail

Bhí an-chomhrá agam leis an Athair Brian Ó Fearraigh faoi na seanphaidreacha Gaeilge, an tart spioradálta atá ar dhaoine, agus an nasc domhain atá idir an creideamh, an oidhreacht agus an dúlra, le cois nithe eile.

Is féidir éisteacht leis an eagrán iomlán anseo: open.spotify.com/episode/218G...

27.11.2025 21:22 — 👍 14    🔁 5    💬 1    📌 0

Go raibh míle maith agat a Hanna, tá mé iontach sásta gur thaitin an plé leat. Tá bealach ar leith ag Antain le hábhar atá casta leitheadach a mhíniú... agus tá an greann ina chuidiú fosta!

15.11.2025 14:54 — 👍 2    🔁 0    💬 1    📌 0

Iontach snasta ar fad. Maith sibh!

13.11.2025 12:17 — 👍 1    🔁 0    💬 0    📌 0
Video thumbnail

Seo gearrthóg ón chomhrá a bhí agam le @antainmac.bsky.social faoin chomhairle a bhí ag na Sean-Stóigh dúinn, an dóigh ar amharc siad ar an chosmas, & an dúshlán a bhaineann le téarmaí fealsúnachta a aistriú go Gaeilge, le cois nithe eile...

Eagrán iomlán anseo: open.spotify.com/episode/20je...

13.11.2025 10:02 — 👍 12    🔁 2    💬 2    📌 0
Post image

Míle buíochas ó chroí leat a Mhíchíl D, agus gach beannacht agus rath ort a Catherine C. Ábhar misnigh agus dóchais a bhí san óráid a thug ár nUachtarán nua inniu. Go n-éirí go geal léi, agus ar aghaidh linn ar son na síochána, an cheartais agus an chneasaithe.

11.11.2025 14:49 — 👍 6    🔁 1    💬 0    📌 0
Post image

Dán beag a tháinig chugam an lá i ndiaidh an Oireachtais i mBéal Feirste.

11.11.2025 09:57 — 👍 7    🔁 1    💬 0    📌 0

nó 'liathrua' mar a chuala mé cúpla uair ag an Oireachtas!

11.11.2025 09:38 — 👍 2    🔁 0    💬 0    📌 0

Míle buíochas a Aonghuis! Agus fíormhaith, is deas an t-ainm é sin.

11.11.2025 09:27 — 👍 1    🔁 0    💬 1    📌 0

GRMA! Tá súil agam go bhfuil an saol go maith leat 😊

11.11.2025 09:25 — 👍 1    🔁 0    💬 0    📌 0

Níor phostáil mé anseo cheana óir ní mian liom a bheith ar líne barraíocht ach tuigtear domh gur anseo atá go leor de sheanfhondúirí na Gaeltachta digití, mar sin buailfidh mé isteach ó am go chéile!

11.11.2025 09:10 — 👍 9    🔁 2    💬 2    📌 0

@tomai is following 20 prominent accounts