Agus long agus bád , dár ndóigh.
Ach is cosúil go bhfuil ‘ breá’ go neamhspeach againn agus acu!
Nach breá an rud é sin!
@gloosh.bsky.social
File Gaeilge & Béarla / Poet in Irish and English #Gaeilge #FilíochtGhaeilge #Dánfhocail #Poetry #BilingualPoetry
Agus long agus bád , dár ndóigh.
Ach is cosúil go bhfuil ‘ breá’ go neamhspeach againn agus acu!
Nach breá an rud é sin!
Doom-scrolling no matches found!
#Gaeilge #Doom-Scrolling #Dán
#nua-cumtha
“Idir-línte”
Fíorscéal
Drochscéal
Leathscéal
Bréagscéal
Pé scéal é
Níl fiúntas ná sásamh sa
Tóraíocht dhearmadach agus ghránna seo
#Gaeilge
N’fheadair a bhfuil bunú eile leis?
Gráin - the point of a spear …?
Maidir le Dineen (Lth. 565)
#Gaeilge
N’fheadair a bhfuil bunú eile leis?
Maidir le Dineen (Lth. 565)
Gráin - the point of a spear …?
#Gaeilge #Filíocht
Más ionainn filíocht agus focail a chur le chéile, cinnte, is féidir.
Más cur síos ionraic fileata ar an saol - amuigh agus inmheánach - ní féidir.
Nuair a thagann “brí” na bhfocal ón léitheoir, tá an seans ann go mbeadh dealramh fileata ar an “gcur le chéile” focal sin, ó AI.
#Gaeilge #Filíocht #Nádúr
An Sioc
Cé go dtéann an fuacht
Go smior ionainn
Gearann an sioc imill
Go gobach-ghéar
#Gaeilge #Filíocht #Nádúr
Cleite
Cleite sciatháin
Ar luí
Ní eitleoidh arís
Murach an ghaoith
#Gaeilge #Filíocht
An t-easnamh
Tá easnamh
i gcroí na hÉireann
Lenár lámha folamha a ghlacamar leis
Muid 'tá as láthair —
na hiomarcaigh
Dhá péire ceathrúna
a shaolaigh muid
An cúige scaoilte —
an fuíoll
Caite, ar fhoraoil
Tá easnamh
i gcroí na hÉireann
Muidne Midi —
neamhluaite
An diabhal ceartúchán mícheart—gan chead, gan rabhadh.
Táim cráite leis!
“Ag 4:30”
#Gaeilge
Ag dul faoi na gréine at 4:30,
23ú Nollaig
An ceann a raibh agamsa scriosta anois! Níl mórán maitheasa iontu (seachas mar ábhar scuaibe).
19.12.2025 20:13 — 👍 1 🔁 0 💬 0 📌 0#Gaeilge #Dán #Nádúr
“Scuabtha”
An giolcach shléibhe
Scuabtha ag an ngaoth
Ar bharr na craobhacha
Craobhóga glé
Curtha le chéile
Go scuabfar arís léi
Thar barr - is breá liom an dán, ach tá an síorbháisteach do mo chrá, le “habhainn na spéire” - nach bhfanann thuas ann!
18.12.2025 17:38 — 👍 1 🔁 0 💬 0 📌 0Ait go leor – níl sásamh teanga i leathbhia!
17.12.2025 18:35 — 👍 1 🔁 0 💬 0 📌 0#Gaeilge #Filíocht
Anfa
Í a chiúin-chorraigh uisce na linne
A thug puth-póg cabhrach don éan
A chuir ag damhsa géaga na gcrann
Go réidh, rialta, luascach.
N’fheadar céard a chorraigh í aréir?
Í feargach, glórach, garbh, meisciúil
Muidne i bhfolach aireach sa leaba.
Ar maidin –
An saol millte.
#Gaeilge #Filíocht #Nádúr #Canada
“Ar bís”
Cé nach bhfuil sneachta ar an talamh - go fóill,
Bailíonn flúirse sméar sneachta ar chraobh,
Ag tnúth le titim na sneachta,
Ar bís leis an mbánú atá le teacht.
Go bhfanfaidh sibh slán. Feathainneach go leor anseo i BC - mar is gnách.
11.12.2025 21:03 — 👍 2 🔁 0 💬 0 📌 0Go n-éirí leat!
11.12.2025 20:57 — 👍 1 🔁 0 💬 1 📌 0Beautiful poem
06.12.2025 03:47 — 👍 2 🔁 0 💬 1 📌 0#Gailge #Ríomhaire
“Ríomhaire”
Scríobhaimse "grá"
Scríobhtar "grab"
I dtaobh an ríomhaire,
Bí ar do riamh-aire!
#Gaeilge #Filíocht
05.12.2025 19:31 — 👍 2 🔁 0 💬 0 📌 0#Gaeilge #Dán #Bradán
Turas an Bhradáin
Ó rith neartmhar farraigeach
Go gluaiseacht mall
In aghaidh srutha
A thumann sí go tuirseach
A ceann.
Na ráithe rite,
Ón ghairbhéal amach,
Sa ghairbhéal isteach —
A todhchaí
Lena heireaball
Curtha.
#Gaeilge #Tomhas
“Fear na Cainte”
Céard a ritheann ach nach dteitheann?
Abhainn agus an béal seo agamsa, agus is é an dara ceann atá do mo loit!
Ó dhéag go héag, is gan mórán eile eatarthu?
Éagóireach ar fad!
#Gaeilge #Dánfhocail
“Searbhas”
Níl maith ar bith ann,
Ní thagann uaidh
Ach
Searbh-bhás
An chairdis
#Gaeilge #Filíocht #Dánfhocail #Machnamh
Ar Mo Fhéachaint Siar
San aimsir chaite
Ar mhodh coinníollach
Ní mar a bhí -
Mar is gá
#November #RabbieBurns #Timeless
The inimitable and timeless Burns
On these cold dark days
“Man was made to mourn”
“And man, whose heav'n-erected face
The smiles of love adorn, -
Man's inhumanity to man
Makes countless thousands mourn!”
www.poetryverse.com/robert-burns...
#Gailege #Dán #Tulcha
An Tulcha tolgach
Tonnmhar tréan
Bruach briseach
An gceapann sí
Gur mór-abhainn neartmhar í
Ó na críocha fiáineacha
I gcéin?
A Thulcha shéimh
Bí bog
Bí caoin
Agus caith amach uait
An taom seo feirge
#Gaeilge
Leabhar
Cloiste gach uair,
Ráite gach lá,
Léite gach seachtain,
Scríofa gach mí—
Nó mar sin de!
Áfach, níl mé féin chomh cainteach ná chomh “éisteach” sin!!
#Gaeilge
Beatha teanga í a labhairt