Tagaim leat - níl an pobal mór go leor chun go mbeadh rath ar iris sainspéise, cuir i gcás, nó fiú ailt rialta ar ábhar sainspéise i leithéidí Comhar. Sin an fáth a mbíonn na hábhair chéanna á bplé i gcónaí - an Ghaeilge, polaitíocht na hÉireann/Mheiriceá (an Tuaisceart go háirithe) agus TG4/an CLG.
04.05.2025 20:03 — 👍 0 🔁 0 💬 0 📌 0
Níor léigh mé faic roimhe seo le Salman Rushdie, ach táim ag baint taitneamh as an gceann seo. Dúirt dochtúir le Rushdie go raibh an t-ádh air nach raibh tuairim ag an té a d’ionsaigh é conas fear a mharú le scian.
29.04.2025 18:14 — 👍 0 🔁 0 💬 0 📌 0
Ní nua-Naitsithe a cheannaíonn ach lucht acadúil agus daoine a bhfuil an-spéis acu sa pholaitíocht, de réir dealraimh. Tá leagan Fraincise ann freisin ach is gnách go gcoimeádtar taobh thiar den chuntar é agus gur gá iarraidh ar an díoltóir leabhar é a thabhairt duit.
18.04.2025 08:40 — 👍 3 🔁 0 💬 1 📌 0
Leagan Polainnise de 'Mein Kampf' ar díol go hoscailte i siopaí leabhar Vársá. Eagrán acadúil é ina bhfuil tráchtaireacht chriticiúil agus go leor fonótaí. Is é an dara leagan criticiúil a foilsíodh ón Dara Cogadh Domhanda i leith: foilsíodh eagrán Gearmáinise in 2017, rud a raibh an-díol air.
18.04.2025 08:40 — 👍 0 🔁 0 💬 1 📌 0
Vársá
18.04.2025 08:29 — 👍 1 🔁 0 💬 1 📌 0
Áit dheas don bhricfeasta.
18.04.2025 06:45 — 👍 4 🔁 0 💬 1 📌 0
An radharc ón óstán i Vársá. Chuirfeadh sé Nua-Eabhrac i gcuimhne do dhuine.
17.04.2025 15:59 — 👍 6 🔁 0 💬 0 📌 0
Nílim cinnte an dtuigim seo - tá sé i gceist acu an fhoireann chéanna a chur ag obair ar an bhfoclóir Gaeilge-Fraincise... An saineolaithe ar an bhFraincis iad gach duine ar an bhfoireann? Nó an é go gceapfar daoine a bhfuil saineolas acu ar an teanga?
16.04.2025 12:35 — 👍 2 🔁 0 💬 1 📌 0
Bhain mé fíorthaitneamh as an leabhar seo - idir eachtraíocht, greann, agus teacht in inmhe le linn léigear Leiníngráid. An-taighde déanta agus carachtair láidre. Agus faoi mar a dúirt Isaac Singer - 'Is dual don úrscéal scéal grá a bheith ann', tá scéal grá ann freisin.
15.04.2025 10:19 — 👍 4 🔁 0 💬 0 📌 0
Téarma deas sa Fhraincis nach bhfuil sa Bhéarla: 'vis-à-vis' (i gcomhthéacs árasáin/tí agus an leibhéal príobháideachais atá agat). 'J'aime mon appartement parce que mon vis-à-vis est agréable': Is maith liom m'árasán mar nach bhfuil radharc anuas/isteach ag na comharsana air.
08.03.2025 10:34 — 👍 3 🔁 0 💬 0 📌 0
Cuma shuimiúil air seo. Agus an t-údar ag trácht ar an tionchar a bhí ag na Normannaigh ar an mBéarla, deir sé ‘if it hadn’t been for the Normans, English today would be another Dutch.’
04.03.2025 10:57 — 👍 3 🔁 1 💬 0 📌 0
Tá rian na Fraincise fós le feiceáil ar réim na bhfocal sa Bhéarla: bruise (Béarla) vs contusion (Fraincis), deadly vs morbid, clothing vs couture, flood vs deluge, awkward vs gauche, old vs ancient, smell vs odour, sight vs vision.
14.02.2025 10:55 — 👍 1 🔁 0 💬 0 📌 0
Le concas na Normannach ar Shasana sa 11ú haois, cuireadh an Fhraincis i réim i gcúrsaí dlí agus riaracháin agus ba í rogha teanga na huasaicme agus na cumhachta ar feadh i bhfad ina dhiaidh sin í, ach lean na gnáthdhaoine orthu ag labhairt Béarla.
14.02.2025 10:55 — 👍 0 🔁 0 💬 1 📌 0
Dul chun cinn mall á dhéanamh agam sa Pholainnis. Is breá liom cur chuige na leabhar seo ach tá siad costasach (€50 an ceann ar chóip nua). Is sásta a bhí mé teacht ar chóip athláimhe den dara ceann ar €20 in @chaptersbookstore.bsky.social áfach! Beidh orm an chéad cheann a chríochnú anois.
09.01.2025 20:57 — 👍 3 🔁 0 💬 1 📌 0
Rún na hAthbhliana?
Bí deas, bí staonach, bí aclaí, bí uaillmhianach, bí níos dílse don boss, bí foirfe. Bí ciallmhar? Bí dearfach. Bí cineálta duit féin thar rud ar bith eile.
Níor thug mé féin faoi deara an 'rabharta mór fógraí, físeán agus clabaireachta ar líne' faoi rúin na hathbhliana a luaitear anseo. Na fógraí a fheicim féin ar líne baineann siad le hairgead a infheistiú & conas carr a luacháil! 😁 Seans go mbaineann sé le cúrsaí algartaim www.rte.ie/gaeilge/2025...
09.01.2025 15:46 — 👍 1 🔁 0 💬 1 📌 0
I gcás na hÉireann, sílim gurb é Seán de Fréine a dúirt gur bac ar infheistíocht fhadtéarmach é nach bhfuil teanga dár gcuid féin againn, rud a lagaíonn an mórtas cine/fadbhreathnaitheacht an chultúir.
03.01.2025 10:53 — 👍 3 🔁 1 💬 0 📌 0
Luann Derek Scally go bhfuil aos polaitiúil na Polainne go maith ag an bpleanáil fhadtéarmach. Bhfuil baint aige sin leis an mbród atá acu as a gcultúr féin & iad ag iarraidh an tír a fheabhsú don chéad ghlúin eile?
03.01.2025 10:53 — 👍 0 🔁 0 💬 1 📌 0
Tugaim seo faoi deara nuair a théim chuig an bPolainn - bíonn beocht & fuinneamh ann, agus an chuma ar chúrsaí go bhfuil an saol ag dul i bhfeabhas. Tá an tír ag éirí saibhir agus iad ag déanamh infheistíochta sna rudaí cearta - infreastruchtúr, seirbhísí, etc.
03.01.2025 10:14 — 👍 1 🔁 0 💬 1 📌 0
Borradh na fichille san India
Níorbh aon ionadh mór é gurb é an tIoruach Magnus Carlsen a bhuaigh Corn Domhanda na Fichille le déanaí, ós rud é gurb eisean an t-imreoir is fearr ar domhan le hos cionn deich mbliana anuas. Ba dh…
Níl Gukesh ach 18 mbliana d’aois - an duine is óige riamh chun é a bhuachaint. Bhuaigh sé ar Ding Liren, Síneach arb é a bhuaigh an comórtas an uair dheireanach. Seo rud a scríobh mé tamall ó shin faoi bhorradh na fichille san India: guthnamarbh.wordpress.com/2023/11/18/b...
12.12.2024 17:07 — 👍 1 🔁 0 💬 0 📌 0
Gukesh na hIndia a bhuaigh Craobhchomórtas Fichille an Domhain inniu, agus cabhair mhór aige ón bPolainn! Bíonn foireann cúntóirí ag na himreoirí ag an gCraobhchomórtas chun cabhrú leo prapáil, cluichí traenála a imirt, straitéisí a fhorbairt agus a leithéid.
12.12.2024 17:07 — 👍 1 🔁 0 💬 1 📌 0
Alla corte di Singer, maestro di scrittura
Una raccolta-capolavoro di 49 racconti, in cui trasforma la complessità in semplicità
'An té ar mian leis foghlaim conas scéal a insint, tá dhá rogha aige: clárú ar chúrsa costasach scríbhneoireachta, nó Isaac Bashevis Singer a léamh'. Ó alt faoi eagrán nua Iodáilise de ghearrscéalta Isaac Singer. Tá sé ar dhuine de na scríbhneoirí is ansa liom féin. www.ilgiornale.it/news/corte-s...
06.12.2024 11:19 — 👍 2 🔁 0 💬 1 📌 0
Cheap foilsitheoirí go mbeadh ré órga ann don neamfhicsean de réir mar a mhéadaigh ar an líon daoine a bhain céim ollscoile amach - ní mar sin a tharla. Tráth dá raibh bhíodh cíocras chun eolais ar dhaoine ina gcuid ama shaoir - anois táimid sásta breathnú ar fhíseáin Tiktok.
03.12.2024 16:24 — 👍 1 🔁 0 💬 0 📌 0
True knowledge is worth a million TikToks
In an age of distraction it’s no wonder non-fiction book sales are down but self-education always necessitates hard work
Alt maith faoin titim i ndíolacháin na leabhar neamhfhicsin le bliain anuas. Síleann daoine go bhfuil a gcuid oideachais 'críochnaithe' acu nuair a bhaineann siad céim ollscoile amach, a deir an t-údar. www.thetimes.com/comment/colu...
03.12.2024 16:24 — 👍 4 🔁 1 💬 1 📌 0
É aistrithe go teangacha eile, Béarla ina measc: 'Those Who Forget: My Family's Story in Nazi Europe – A Memoir, A History, A Warning'.
30.11.2024 11:48 — 👍 0 🔁 0 💬 1 📌 0
Tugtar léargas maith ar an gcaidreamh Francach-Gearmánach tar éis an chogaigh freisin. Nuair a chuaigh a hathair Gearmánach ar an ordóg sa Fhrainc cúpla bliain tar éis an chogaidh, bhí tiománaithe áirithe sásta síob a thbhairt dó ach nuair a thuig siad gur Gearmánach a bhí ann chaith siad amach é!
30.11.2024 11:48 — 👍 1 🔁 0 💬 1 📌 0
Ní baill den Pháirtí Naitsíoch a bhí iontu ach ní dheachaigh siad ina choinne agus go deimhin, tháinig a seanathair i dtír ar pholasaí an Airianaithe ('Aryanisation'), nuair a chuir na Naitsithe iallach ar na Giúdaigh a ngnólachtaí a 'dhíol' ar phraghas an-íseal le hAirianaigh (Gearmánaigh).
30.11.2024 11:48 — 👍 0 🔁 0 💬 1 📌 0
Leabhar maith é seo - Gearmánach atá in athair an údair agus Francach is ea a máthair. Scrúdaíonn sí an méid a rinne (nó nach ndearna) a seantuistí Gearmánacha sa Dara Cogadh Domhanda agus dar léi gur léiriú maith é cás a seantuistí ar na milliúin 'gnáthGhearmánach' eile a 'chuaigh leis an sruth'.
30.11.2024 11:48 — 👍 1 🔁 1 💬 1 📌 0
Sin fadhb cinnte - sílim uaireanta go gcuirtear róbhéim ar 'chaint agus comhrá' i saol na Gaeilge. Ar ndóigh tá an-tábhacht leis an gcaint agus comhrá ach ní leor é chun teanga a shealbhú i gceart. Léiríonn taighde go bhfuil an focal scríofa níos saibhre/níos sofaisticiúla ná an teanga labhartha
20.11.2024 15:37 — 👍 1 🔁 0 💬 1 📌 0
POLITICO Europe senior policy editor in charge of defense and mobility. Proud Canadian. Cruising between Warsaw and Brussels. https://press.uchicago.edu/ucp/books/book/chicago/S/bo21778900.html Love bikes
Journalist. I cover 🇵🇱 for IntelliNews. Also words in Politico Europe, Notes from Poland, the Parliament Magazine and others. Po polsku: OKO Press. Write me at cijwojciech@gmail.com.
🇵🇱🇩🇪🇪🇺 Research Coordinator at @democracyreporting.bsky.social, working on re:constitution programme - rule of law in the EU. Lives on a Berlin-Poznań-Warszawa train. Usual disclaimers. He/him. Full-time nerd. Big fan of bios longer than 160 characters.
staff writer @theatlantic. author of GULAG, IRON CURTAIN, RED FAMINE, TWILIGHT OF DEMOCRACY and AUTOCRACY INC
https://linktr.ee/anneapplebaum
1. Writer (https://www.adamsharp.me/)
2. Obsessed with lists
3. COMMON PEOPLE
4. THE CORRECT ORDER OF BISCUITS
5. THE WHEEL IS SPINNING BUT THE HAMSTER IS DEAD (http://geni.us/yDxa)
jack of like six to seven trades (journalist, author, radio person, etc) marie.s.leconte@gmail.com
Gaeilge, ceol, an saol mór.
Independent and informed news and insight on Polish politics, culture, business and history.
Support us: https://notesfrompoland.com/donations/support-us/
Actor, comedian and entire Indie Band.
#DerryGirls #Holding #TheMichaelFryShow
https://linktr.ee/bigdirtyfry
Gael. An Ghaeilge. File is aistritheoir. Taighdeoir. Jurilinguistics. Former French lecturer. Latinist.
Editor, The Irish Times
irishtimes.com
Gamer, PhD researcher, Gaeilgeoir, Software engineer, Wannabe-Swede, Nerd that likes to spread as much Joptimism as possible!! ☀️😎✨🏳️🌈
Ollamh, Scoil an Léinn Cheiltigh, Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath
Professor, School of Celtic Studies, Dublin Institute for Advanced Studies
https://www.dias.ie/celt/celt-staff-and-scholars/celt-prof-gordon-o-riain/
Writer, Wrong Side of History substack
www.edwest.co.uk
Books Editor of The Irish Times; author of Dirty Linen: The Troubles in My Home Place (Merrion Press)
Irishman in Yorkshire. Historian of language, education, migration at the University of Leeds. Co-editor of the Historical Journal, occasional BBC radio presenter. Dad!
#warcoffee
diary from Kyiv
Letters from Ukraine about the war, history and culture: https://www.patreon.com/c/strategywoman
Amach as na muineacha is isteach sna driseacha
Eagarthóir foclóireachta 📖
https://www.focloir.ie/en
Ciarraíoch i mBaile Átha Cliath.
Táim anso don nGaelainn.
Léachtóir / Ollamh Cúnta le @fsg-dcu.
Taighde in éineacht @gaois_ie & @corpas_ie (Corpas Náisiúnta na Gaeilge / National Corpus of Irish).
Teangeolaíocht, NLP, L10n GA & GA-ie.